Cuairt an Phápa Eoin Pól II ar Éirinn

Thug an Pápa Eoin Pól II cuairt ar Éirinn ón Satharn, 29 Meán Fómhair 1979 go dtí an Luan, 1 Deireadh Fómhair 1979, an chéad turas go hÉirinn ag Pápa.[1] D'fhreastail os cionn 2.5 milliún duine ar na himeachtaí i mBaile Átha Cliath, Droichead Átha, Cluain Mhic Nóis, Gaillimh, Cnoc Mhuire, Luimneach, agus Maigh Nuad.[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCuairt an Phápa Eoin Pól II ar Éirinn
Cineálpapal visit (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse29 Meán Fómhair - 1 Deireadh Fómhair 1979
SuíomhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
TaibheoirPápa Eoin Pól II Cuir in eagar ar Wikidata


Aerfort Bhaile Átha Cliathː áit ar leag an Pápa Eoin Pól II cos ar thalamh na hÉireann den chéad uair

Féile mhór náisiúnta ab ea é, ceiliúradh spleodrach. "Nuair a tháinig Eoin Pól II ba gheall le rac-réalta é, JFK na hEaglaise, laoch a fuair an ceann is fearr ar an gcumannachas sa Pholainn agus ceannaire na hEaglaise Caitlicí in aon phearsa amháin."[3]

Páirc an Fhionnuisce agus áit a ndúirt an Pápa an t-aifreann

"Young people of Ireland, I love you!" arsa an Pápa i mBaile an Bhriotaigh ar an 30 Meán Fómhair. Bhí grá mór aige do dhaoine óga agus an-mheas aige orthu, a dúirt sé.[4] Fuair sé na gártha molta agus áthais an lá sin ó na mílte ógánach a bhí i láthair.[5][6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Irish Remember the 1979 Papal Visit". BBC News (2 Aibreáin 2005).
  2. "Itinerary For The Pope's Visit". RTÉ Archives.
  3. Póilín Ní Chiaráin (Lúnasa 2018). "Idir dhá Phápa" (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2020-09-29.
  4. "Gradam Eoin Pól 11 bronnta ar dhaltaí Choláiste Oiriall". www.oiriall.ie. Dáta rochtana: 2020-09-29.
  5. Máirín Ní Ghadhra (Lúnasa 2018). "Is muidne an ghlúin chéanna a bhí faoi gheall ag an bPápa Eoin Pól II i 1979 ..." (ga). Comhar. Dáta rochtana: 2020-09-29.
  6. Físeán ar Youtube (1979). "Pope John Paul II in Galway". Dáta rochtana: 2020.