Cuaisín tosaigh
Cuaisín tosaigh na súile is ea an spás sreabhach-líonta, laistigh den súil, idir an t-inteachán agus an dromchla is sia istigh sa choirn, an t-intéiliam. Lionn uiscí is ea an sreabhach a líonann an cuaisín tosaigh. Héiféime agus glácóma is ea an dhá phríomh-phaiteolaíochtaí sa réimse seo. Sa héiféime, líonann an fhuil an cuaisín tosaigh. Sa ghlácóma, coisceann calcadh chanáil Schlemm an gnáth eis-sreabhadh an leanna uisciúil, agus mar thoradh bíonn carnadh na sreabhach, méadaítear brú idirshúileach, agus ar deireadh daille. Is é an gnáth dhoimhneacht an chuasáin ná 3.5mm go 2.5mm; Is féidir doimhneacht níos lú ná 2.5mm a bheith ina riosca le haghaidh ghéarghlácóma a fháil.

Anatamaíocht na súile 1. Cúlcuaisín 2. Cuaisín tosaigh 3. Coirne 4. Mac imrisc 5. Uvea 6. Inteachán 7. Corp fabhránach 8. Córóideach 9. Scléara 10. Ballnasc crochta an lionsa 11. Lionsa 12. Lionn gloiní 13. Ducht hiailideach 14. Reitine 15. Macula lutea 16. Foibhé 17. Diosca optach 18. Néaróg optach 19. Fuileadáin na reitine