Is éard is reitine veirteabrach ann (Laidin: rēte, leis an mbrí 'líon') ná an fíochán solasmhothálach a bhíonn suite ar an dromchla taobh istigh den tsúil. Cruthaíonn optaic na súile íomhá den domhan-amhairc ar an reitine, a fhónann, ar bhealach, cosúil leis an scannán i gceamara. Cuireann an solas a bhualann ar an reitine tús le teagmhais cascáideacha ceimiceacha agus leictreacha, agus sa deireadh thiar, spreagtar néar-rígí. Seoltar iad seo chuig ionaid amhairc éagsúla na hinchinne, trí snáithíní na néaróige optaí.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtReitine
Sonraí
Laidinretina
Cuid desúil agus chorioretinal region (en) Aistrigh
central retinal artery (en) Aistrigh
central retinal vein (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD012160
TAA15.2.04.002
FMA58301 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1014
EB Onlinescience/retina
Téarmaíocht anatamaíoch


Anatamaíocht na súile 1. Cúlchuasán 2. Cuaisín tosaigh 3. Coirne 4. Mac imrisc 5. Úibhé 6. Inteachán 7. Corp fabhránach 8. Córóideach 9. Scléara 10. Ballnasc crochta an lionsa 11. Lionsa 12. Lionn gloiní 13. Ducht hiailideach 14. Reitine 15. Macúl 16. Foibhé 17. Diosca optach 18. Néaróg optach 19. Fuileadáin na reitine

I bhforbairt shuthach na verteabra, thionscain an reitine agus an néaróg optac mar fhiafháis den inchinn i mbéal forbartha, mar sin, meastar an reitine mar chuid de lárchóras na néaróg (LCN) agus is fíochán iarbhír na hintinne í. Is í an t-aon fíochán amháin de chuid an LCN gur féidir a fheiceáil go neamhionrach.

Struchtúr srathaithe is ea an reitine, le roinnt sraitheanna de néaróin idirnasctha ag sionapsaí. Is iad fótaghabhdóirí na gceall amháin, go díreach, a bhíonn solasmhothálach. Den chuid is mó, bíonn dhá chineál ann díobh: na slata agus na cóin. Oibríonn na slata go príomha i soilse maolaithe agus soláthraíonn siad radharc dubh agus bán, agus tacaíonn na cóin le hinniúlacht an radhairc, le linn an lae agus le haireachtáil na ndathanna. Is é an gainglínchill solasmhothálach, an tríú cineál agus an gabhdóir is annamh. Bíonn tábhachtacht leis le haghaidh freagartha fhrithluailí ar sholas an lae ghil.

Próiseálann néaróin eile na reitine na comharthaí néaracha a fhaightear ó na slata agus na cóin. Bíonn an t-aschur i bhfoirm poitéinseal gníomhaithe sna gainglínchealla reitineacha. a bhfuil a néaróg optach comhdhéanta as acsóin na ngainglíncheall. Is féidir le roinnt gnéithe tábhachtacha den aireachtáil amhairc a rianú chuig ionchódú reitineach agus próiseáil an tsolais.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar