Néarón
Is é atá i néarón (nó cillín néarach nó néarchill) ná cillín sa chorp a ligeann thart gach sórt spreagadh a bhaineann leis an inchinn, leis na céadfaí agus le gach sórt gluaiseachta agus corrú a bhaineann don corp. Is bunaonaid fheidhmithe i néarchóras an ainmhí iad. Déanann sé eolas a phróiseáil is a tharchur chuig fíocháin sprice (néaróin eile, matáin, faireoga), de ghnáth trí bhíthin ceimiceán (néaratharchuradóirí). I néarón veirteabraigh, de réir cineáil, bíonn cillchorp (le núicléas soiléir is cuid mhaith citeaphlasma mórthimpeall air), acsón amháin (le géaga teirminéil, oiriúnaithe chun eolas a iompar ón gcillchorp is trasna ceangal chuig na fíocháin sprice), agus deindrítí (ribí a phéacann amach ón gcillchorp is a ghlacann eolas ó theirminéil acsón ó néaróin eile chun an t-eolas sin a iomlánú ag an néarón). Ní bhíonn deindrítí i néaróin inveirteabrach.
Sonraí | |
---|---|
Laidin | neuron |
Cuid de | néarchóras agus nervous tissue (en) |
Aitheantóirí | |
MeSH | D009474 |
TA | A14.0.00.002 |
TH | H2.00.06.1.00002 |
FMA | 54527 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/neuron |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Tá cillíní áirithe a bhaineann le gluaiseacht agus corrú na ngéag agus agus an láir - néaróga mótair iadsan.
Tá cillíní eile a bhaineann leis na céadfaí, .i. leis an amharc, leis an éisteacht, le mothúcháin tríd an gcraicinn, le boladh agus le blasú. Néaróga céadfaí iadsan.
Tá cillíní eile a bhaineann le feidhmiú na mball beatha, ar nós na n-aenna, na scamhóg agus an bhoilg. Tugtar néaróga átanómacha orthu sin.
Tá cillíní eile a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann an inchinn ar an eolas go léir a thagann isteach ó na néaróga céadfaí agus ó na néaróga átanómacha, chomh maith leis na mothúcháin intinne a bhaineann leo siúd. Tugtar néaróga comhcheangal orthu.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Néarón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 481.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |