Néaratharchuradóir
Is éard is néaratharchuradóir[1] ann ná ceann den iliomad ceimiceán a fheidhmíonn mar iompróirí comharthaí trasna sionapsaí san inchinn nó an córas néarógach idir néaróin, sa cholainn i gcoitinne idir néaróin is matáin nó faireoga. Is iad na néaratharachuradóirí is tábhachtaí ná aicéitiolcoilín, aidréanailín (eipineifrín), noireipineifrín agus séireatoinin. Tarlaíonn galair áirithe inchinne, mar ghalar Parkinson, de bharr easpa táirgeadh dopaimín (a ndéanann an cholainn eipineifrín as) agus nóreipineifrín, agus uaidh sin tarchur easnamhach trasna sionapsaí san inchinn.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““néaratharchuradóir” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-10-16.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Néaratharchuradóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 480.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |