Cuitiliú

neach neamhshaolta i scéalta H. P. Lovecraft

Neach neamhshaolta is é Cuitiliú i scéalta uafáis H. P. Lovecraft. Ceann de na Seanóirí Móra is ea é, paintéón doilbh na scéalta sin. Is sa bhliain 1928 a d'fhoilsigh Lovecraft an chéad scéal a bhain leis – "The Call of Cthulhu" (Gaeilge: Gairm Chuitiliú)[1]. Déantar cur síos ar Chuitiliú mar arracht uafar ollmhór a bhíonn cultas gealt á adhradh mar dia scáfar. Amhailt cheart is ea é – meascán d'ochtapas, de dhragan agus de scigdhealbh den chruth daonna.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarCuitiliú

Cuir in eagar ar Wikidata
CineálGreat Old One (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthaithe agH. P. Lovecraft Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Chuitilíocht Cuir in eagar ar Wikidata
CruinneAn Chuitilíocht Cuir in eagar ar Wikidata
MiotaseolaíochtFirst United Church of Cthulhu (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairNug Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíCthylla (en) Aistrigh agus Ghatanothoa (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Miondealbh dúghorm de neach ina shuí le cruinneog ina chrág aige.
Miondealbh de Chuitiliú

Is as Cuitiliú a ainmníodh domhan nó miotas scéalta an Lovecraftaigh – an Chuitilíocht. Sliocht as an Necronomicon (leabhar ficseanúil den litríocht sin) atá sna línte seo a leanas, mar dhea, a dhéanann tagairt ar Chuitiliú:

     That is not dead which can eternal lie,
     And with strange æons, even death may die
     Ní marbh é a fhéadann luighe go bráthach,
     a's in imtheacht na ccianta diamhartha is baoghalach fiú múchadh an bháis

Féach Freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Lovecraft, H. P. (1967). Selected Letters of H. P. Lovecraft IV (1932–1934). Sauk City, Wisconsin: Arkham House. Letter 617. ISBN 0-87054-035-1.