Edward Plunkett, 18ú Barún Dhún Samhnaí

Scríbhneoir scéalta fantaisíochta a bhí in Edward John Moreton Drax Plunkett, ochtú barún déag Dhún Samhnaí, nó, Lord Dunsany, mar is aithin do lucht léite a chuid leabhar é. Is féidir a ainm a aistriú go Gaeilge mar Éamann Pluincéid. Saolaíodh ar an 24 Iúil 1878 i Londain é, agus fuair sé bás le haipindicíteas i mBaile Átha Cliath ar an 25 Deireadh Fómhair 1957. D'fhoilsigh sé breis agus ceithre scór leabhar, idir ghearrscéalta (na céadta acu), dhrámaí, úrscéalta agus aistí.

Edward Plunkett, 18ú Barún Dhún Samhnaí
Lord Edward John Moreton Drax Plunkett Dunsany, half-length portrait, facing slightly left LCCN91780992.jpg
Saol
Ainm iomlán Edward John Moreton Drax Plunkett
Eolas breithe Londain, Iúil 24, 1878
Náisiúntacht Éire
An Ríocht Aontaithe
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Bás Baile Átha Cliath, Deireadh Fómhair 25, 1957
Áit adhlactha St Peter and St Paul's Churchyard (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (Aipindicíteas)
Muintir
Athair John Plunkett, 17th Baron of Dunsany
Máthair Ernle Elizabeth Louisa Maria Grosvenor Burton
Céile/Céilí Lady Beatrice Child-Villiers (en) Aistrigh  (Meán Fómhair 15, 1904 -
Páistí
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Eton College (en) Aistrigh
Royal Military College, Sandhurst (en) Aistrigh
Cheam School (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm scríbhneoir, drámadóir, file, polaiteoir, imreoir fichille, úrscéalaí agus scríbhneoir ficsean eolaíochta
Saothar iomráiteach The King of Elfland's Daughter (en) Aistrigh
The Gods of Pegāna (en) Aistrigh
Joseph Jorkens (en) Aistrigh
Ainmníodh é/í le haghaidh
Sloinnte Lord Dunsany
Gluaiseacht ealaíne fantaisíocht
Ficsean eolaíochta
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata Arm na Breataine
Céim captaen
Throid sé/sí ag An Chéad Chogadh Domhanda
Dara Cogadh na mBórach
An Dara Cogadh Domhanda
IMDb nm0243004
dunsany.net…

Bhí cónaí air i gCaisleán Dhún Samhnaí i gContae na Mí, agus bhí aithne aige ar mhaithe agus ar mhóruaisle an chultúir Éireannaigh, ar nós Augusta Gregory agus Liam Buitléarach de Gheata. Bhronn Coláiste na Tríonóide dochtúireacht oinigh air. Fear mór taistil agus sealgaireachta a bhí ann, agus rug sé craobh na hÉireann leis sa lámhach piostail agus san fhicheall araon. Bhí suim mhór aige ina lán cineálacha lúthchleasaíochta eile.

Fear míleata a bhí ann chomh maith, agus é dílis do Shasana. Ar dtús, chuaigh sé sna saighdiúirí le páirt a ghlacadh i gCogadh na mBórach, agus sa Chéad Chogadh Domhanda, chuidigh sé le hOifig Chogaidh na Ríochta Aontaithe ag tabhairt oiliúna do na hearcaigh agus ag scríbhneoireacht thar cionn na hOifige Cogaidh. Sa Dara Cogadh Domhanda, liostáil sé sna fórsaí cosanta áitiúla in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe araon, agus bhí sé gníomhach i Shoreham, Kent, ach go háirithe.

Bhí sé mór leis na scríbhneoirí móra Éireannacha agus Sasanacha araon: idir Phádraic Colum agus Rudyard Kipling. D'fhág sé a chaisleán ag a mhac le socrú síos i Shoreham, cóngarach dá sheanchara Kipling. Is léir go raibh suim aige i ngach sórt dea-litríochta, beag beann ar an bpolaitíocht.

Is é an cineál scéalta a scríobhadh sé féin ná fantaisíocht, agus bhí an-tionchar aige ar scríbhneoirí an tseánra seo ó Lovecraft go hUrsula Le Guin. Mar sin féin, is iomaí craiceann a chuir sé de i rith a ghairmréime liteartha ó thaobh na stíle de. Ba é The Gods of Pegana an chéad leabhar fantaisíochta a d'fhoilsigh sé, thiar sa bhliain 1905.

TagairtíCuir in Eagar