Dídhollarú
Is éard atá i gceist leis an dídhollarú[1] ná gan a bheith ag brath ar dollar na Stát Aontaithe le híocaíochtaí a dhéanamh i dtaobh trádála domhanda, nó rogha seachas an dollar i gcúrsaí trádála domhanda.[2]
Bhí sé léirithe ag reo na n-acmhainní Rúiseacha thar lear sa bhliain 2022 go bhféadfadh na Stáit Aontaithe smachtbhannaí a chur i gcoinne aon tír a ghlacann seasamh i gcoinne an dlí idirnáisiúnta. Mar chuid de na smachtbhannaí bhí an Rúis díbeartha as an gcóras idirbhancanna Swift,[3] .
An chéad chéim i dtreo an dídhollarú ná córas idirbhancanna a bhunú i gcomórtas le Swift an Iarthair. Ar ndóigh, is fusa é a rá ná é a dhéanamh. Dúshlán ollmhór a bheadh ann ó thaobh na heacnamaíochta de (níor éirigh ró-mhaith ag an euro sa 21ú haois dúshlán a thabhairt don dollar).[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ i mBéarla, dedollarisation nó dedollarization
- ↑ 2.0 2.1 Eoin Ó Murchú (28 Deireadh Fómhair 2024). "BRICS ag dul ó neart go neart agus an dollar ag dul i laige" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-28.
- ↑ Cumann um Theileachumarsáid Airgeadais Idirbhainc Dhomhanda
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |