Dúil Ghrúpa 5
Is éard is Dúil Ghrúpa 5 (de réir stíl AIGCF) ná grúpa dúl sa tábla peiriadach. I nGrúpa 5 tá vanaidiam (V), niaibiam (Nb),tantalam (Ta) agus dúibniam (Db). Tá an grúpa seo i mbloc d den tábla peiriadach. Níl ainm fánach faighte ag an ngrúpa féin; baineann sé le grúpáil níos leithne, sé sin na miotail thrasdultacha
Z. | Eilimint | Líon na leictreon / an leictreonsceall |
---|---|---|
23 | vanaidiam | 2, 8, 11, 2 |
41 | niaibiam | 2, 8, 18, 12, 1 |
73 | tantalam | 2, 8, 18, 32, 11, 2 |
105 | dúibniam | 2, 8, 18, 32, 32, 11, 2 |