Is é an tantalam dúil uimhir a 73, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná . Miotal crua gormliath é a áirítear ar na miotail trasdultacha. Tá sé díonach go maith ar an gcreimeadh, agus mar sin, baintear úsáid as sna cóimhiotail. Ní fhlúirsíonn an tantalam sa dúlra, ach bíonn sé le fáil sa tantailít, in éineacht leis an niaibiam a bhfuil sé gaolmhar leis ó thaobh na n-airíonna ceimiceacha de. Níl sé araiciseach chun imoibriú, rud a chiallaíonn gur miotal luachmhar é le haghaidh dhéantús gléasra saotharlainne, ach thairis sin, baintear leas as i dtoilleoirí leictrealaíocha.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachTantalam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach, púdar inlasta agus dúil litifileach
Tantalam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachTa
Uimhir adamhach73
Mais adamhach180.94788
Cumraíocht leictreon[Xe] 4f¹⁴ 5d³ 6s²
Peiriad, Grúpapeiread 6
grúpa 5
Airíonna fisiceacha
Dlús16.65 kg/m⁻³
Leáphointe5,425
Fiuchphointe9,797
Leictridhiúltacht1.5
Ga ianach0.72, 0.68 agus 0.64
Stair
AimsitheoirAnders Gustaf Ekeberg
Fionnachtain1802
EapainmTantalas

Tá a lán mianraí éagsúla ann ina bhfuil tantalam le fáil: tantailít (ocsaídí an tantalaim, an niaibiam, an iarainn agus na mangainéise), micrilít (ocsaídí an chailciam, an tsóidiam agus an tantalaim), eoixéinít (ocsaídí an chailciam, an niaibiam, an tantalaim, an cheiriam, an tíotáiniam, an itriam, an úráiniam, agus an tóiriam), agus araile. Is minic a dhearctar ar an tantailít agus ar an gcolaimbít (an niaibít) mar dhá leagan den mhianra chéanna: nuair a bhíonn an niaibiam níos flúirsí ann, tugtar colaimbít nó niaibít air, agus nuair a bhíonn níos mó tantalam ann, deirtear gur tantailít atá ann.

Tá an chuid is mó den tantalam nádúrtha comhdhéanta as aon iseatóp amháin, mar atá, 181Tá. Tá iarsmaí beaga den iseatóp radaighníomhach úd 180mTá. Tugann an "m" le fios gur isiméir núicléach de chuid 180Tá den "ghnáthchineál" atá ann - is é sin, go bhfuil eagar éagsúil ar na núicléóin i núicléas an dá chineál 180Tá. Déantar 180Tá go saorga in imoibreoirí núicléacha, agus is iseatóp as pabhar radaighníomhach é - níl sé ach ocht n-uair an chloig ar leathré.

Tá an tantalam iontach díonach ar na haigéid, agus le teocht an tseomra ní féidir leis an aqua regia féin dochar a dhéanamh dó. Scéal eile ar fad, áfach, an t-aigéad hidreafluarach HF, agus an fluairín féin: na haigéid nach gcreimeann an tantalam iontu féin, nuair a mheascfar beagáinín den aigéad hidreafluarach tríothu, beidh siad i bhfad níos éifeachtaí ag oibriú ar an miotal seo. Creimeann tuaslagán uisce na hiodrocsaíde potaisiam (na potaise loiscní) an tantalam fosta.

Is iad +5 agus +4 an dá uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí, +5 ach go háirithe. Is í an pheantocsaíd tantalaim (nó an pheantocsaíd dé-thantalaim ab fhearr a rá), Tá2O5, an chomhdhúil is cobhsaí, agus í tábhachtach i sintéisiú na gcomhdhúl tantalaim eile.