Dúibniam
Is é an dúibniam dúil cheimiceach uimhir a 105. Is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Db, agus ainmníodh an dúil seo as Dubna, an baile mór in aice le Moscó sa Rúis, áit a bhfuil lárionad tábhachtach fisice. Is ansin a gineadh an chéad adamh dúibniam riamh, thiar sa bhliain 1974, ach ní raibh glacadh coitianta leis an éileamh a rinne na fisiceoirí Sóivéadacha, agus bhí ainm na dúile seo ina chnámh spairne ar feadh i bhfad, agus na Meiriceánaigh is na Rúisigh ag úsáid a n-ainmneacha féin uirthi. Sa bhliain 1997 bhaist Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) dúibniam ar an dúil.
Dúibniam | |
Siombail Cheimiceach | Db |
Uimhir Adamhach | 105 |
Meáchan Adamhach | 268 |
Grúpa, Peiriad | 5, 7, d |
Dlús | N/A |
Sraith Cheimiceach | Tras-achtanóidigh |
![]() |
Cosúil leis na dúile trasúránacha eile, is dúil shintéiseach í an dúibniam. Is é sin, níl teacht air sa dúlra, agus ní bheadh súil agat lena mhalairt, ós rud é nach bhfuil ach iseatóip radaighníomhacha ghearrshaolacha aige: má bhí oiread is adamh amháin dúibniam ann nuair a fáisceadh an Domhan as gás-scamall an Ghrianchórais, tháinig meath radaighníomhach ar an adamh sin go gairid ina dhiaidh sin. Mar sin ní féidir meáchan adamhach a shainiú don dúibniam; ina áit sin úsáidtear maisuimhir an iseatóip is cobhsaí, mar atá, Db-268, ina áit. Tá an t-iseatóp sin 28 n-uaire ar leathré, agus is é an cineál meath a thagann air ná eamhnú spontáineach.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |