Dùn Bheagain

áit lonnaithe in Albain
(Athsheolta ó Dún Bheagain)

Is sráidbhaile san Eilean Sgitheanach, Comhairle na Gàidhealtachd, é Dùn Bheagain.[1] Tá clú agus cáil ar Chaisleán Dhùn Bheagain, suíochán cheann feadhna Chlann MhicLeòid.. Tá Dùn Bheagain suite i bparóiste Dhiùirinis,[2] agus tá an eaglais pharóiste i nDùn Bheagain. Sa bhliain 2011 bhí daonra 386 duine ann.[3]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDùn Bheagain

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 57° 26′ N, 6° 35′ O / 57.44°N,6.58°W / 57.44; -6.58
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle na Gàidhealtachd Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistIV55 Cuir in eagar ar Wikidata

San‘‘The Norse Influence on Gaelic Scotland’’ (1910), tugann George Henderson le fios go dtagann an t-ainm ‘‘Dùn Bheagain’’ ón tSean-Ghaeilge ‘‘Dùn Bheccáin’’, Is ainm pearsanta Gaelach é 'Beccán'.

Tíreolaíocht

cuir in eagar

Tá Dùn Bheagain suite ar an gcladach i Loch mór Dhùn Bheagain, agus tá cáil ar Old School Restaurant sa tsráidbhaile breac lena héisc a ghabhtar go húr ón loch féin. Tá Dún Bheagáin suite ag acomhal an A850, agus an A863.[4] Tá acomhal ag an mbóthar an B884. agus freisin leis an A863, ag an taobh thoir de Dhùn Bheagain.[5]

Déimeagrafaíocht

cuir in eagar

Bíonn daonra buan Dhùn Bheagain ag laghdú. Mar sin féin, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine atá ag fanacht sa cheantar le linn saoire thar na blianta ó 2001 i leith.

Geilleagar

cuir in eagar

Bhíodh eolas turasóireachta suite i bparáid na siopaí ag Taobh Locha, ach tá sé ar fáil anois ar bhonn séasúrach ag St Kilda Shop i gCaisleán Dhún Bheagáin. Bunaíodh Músaem an Fhathaigh MhicAsgaill, a dhéanann ceiliúradh ar shaol Aonghas Mhóir MacAsgaill i 1989 agus tá sé á bhainistiú ag Peter MacAskill, athair na dtrialacha rothaíochta Danny MacAskill.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2024-04-19.
  2. "Details of Dunvegan".
  3. Highland Council 2011 census profile for Settlement Zones
  4. "A863".
  5. "B884".