Caisleán Dhún Másc

(Athsheolta ó Dún Másc)

Is suíomh seandálaíochta suite i gContae Laoise é Dún Másc. Bunaíodh Caisleán Dhún Másc go deireanach sa 12ú haois ar láthair dúin a tógadh ansin sa 9ú céad. Nuair a phós Strongbow agus Aoife, iníon le Diarmaid Mac Murchú, chuaigh an caisleán i seilbh na nAngla-Normannach. Phós a n-iníon sin, Isabel, agus William Marshal, larla Pembroke agus fuair muintir Marshal seilbh ar Chaisleán Dhún Másc go dtí lár an 13ú céad. Faoi mhuintir Marshal, bhí an áit ina lárionad míleata agus riaracháin sa chuid seo de Laighin. Ansin fuair muintir Mortimer seilbh air, trí phósadh, agus bhí se acu sin go dtí lár an 14ú céad.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Caisleán Dhún Másc
Íomhá
Sonraí
CineálCaisleán
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinPort Laoise, Éire
Map
 53°01′54″N 7°12′37″W / 53.031666666667°N 7.2102777777778°W / 53.031666666667; -7.2102777777778
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir615

Léiríonn na taifid go raibh roinnt dreamanna éagsúla i seilbh an chaisleáin tar éis Roger Mortimer a chur chun báis ar chúis treasa le hordú ó Edward III. Seans gur i seilbh Ghaeil Uí Mhórdha a bhí an caisleán ar deireadh agus deirtear gurb iadsan a scrios an áit. Thit sé as a chéile go gairid ina dhiaidh sin. Deirtear gur cuireadh an caisleán ó mhaith i dtréimhse Chromail. Rinne Sir John Parnell athchóiriú ar chuid den halla mar áit chónaithe ag deireadh an 18ú céad; bhí seisean ina cheann comhairle i bParlaimint na hÉireann agus ba é seanathair Charles Stewart Parnell é. Tar éis a bháis, lig a mhac cead don áit titim as a chéile.