An Sráidbhaile (Laois)

baile agus baile fearainn i gContae Laoise

Is baile é an Sráidbhaile[1] (Béarla: Stradbally) i gContae Laoise, in Éirinn. Tá sé lonnaithe ar an mbóthar N80 thart ar 12 chiliméadar (7 míle) ó Phort Laoise. Tá Halla an tSráidbhaile, an teach mór, lonnaithe ar an mbaile. Is ann a bhíonn taispeántas bliantúil d'innill galoibrithe agus an fhéile cheoil sin an Phicnic Leictreach. Tá timpeall is 1,500 duine ina gcónaí ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Sráidbhaile

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°01′01″N 7°09′11″W / 53.017°N 7.153°W / 53.017; -7.153
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Laoise Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde80 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie28232
Galrailí an tSráidbhaile

Creideamh cuir in eagar

  • Séipéal Caitliceach an Chroí Rónaofa. Tógadh i stíl na hAthbheochana Gotaí é agus críochnaíodh é sa bhliain 1896. Tá sé i bhfoirm croise agus deartha ag William Hague.
  • Séipéal Naomh Pádraig, Eaglais na hÉireann. Tógadh i stíl na hAthbheochana Gotaí é sa bhliain 1764 agus túr aige. Athchóiríodh é thart ar an mbliain 1880, agus cuireadh póirse, saingeal agus beistrí leis.
  • Teampall Naomh Colmán, Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise lasmuigh den Rúis, Tá sé ar Bhóthar Mhainistir Laoise, thart ar mhíle lasmuigh den Stráidbhaile. Bíonn seirbhísí ann go seachtainiúil.

Daoine cáiliúla cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar