Dúngal mac Cellaig

rí Éireannach

Rí na nOsraí de rítheaghlach Dhál Bhirn ba ea Dúnghal mac Ceallaigh (Sean-Ghaeilge Dúngal mac Cellaig) (bás 772).[1] Bhí sé i réim ón mbliain 770 go dtí 772.[2] Cellach mac Fáelchair (bás 735), iar-rí, ba ea a athair.

Infotaula de personaDúngal mac Cellaig
Beathaisnéis
Bás772
Ríthe na nOsraí
770 – 772
← Tóim Snáma mac Flainn Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachDál Birn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCellach mac Fáelchair

Tharla cath cathartha i nOsraí tar éis bhás Anmchadha mhic Con Chearca, an éigin tar éis na bliana 761. Bhí mic Cheallaigh, Dúnghal ina measc is amhlaidh, i gcoinne Thuaim Snámha mhic Flainn, agus sa bhliain 761, chloígh Tuaim Snámha iad agus chuir sé an ruaig orthu.[3] Sa bhliain 770 áfach, maraíodh Tuaim Snámha féin, is dócha ag Dúnghal, a tháinig ansin i gcomharbacht air.[4]

Tháinig Faolán mac Forbasaigh mar chomharba ar Dhúnghal.

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ní fheictear a thásc ach i nAnnála na gCeithre Máistrí, sin bhliain dar leo 767 (M767.10). Sa tréimhse seo, tá na hannála úd cúig bliana amú, a bheag nó a mhór.
  2. dar leis an Leabhar Laighneach, bhí réimeas trí bliana aige
  3. Annála Uladh, AU 769.1
  4. AU 770.2