Fáelán mac Forbasaig

Rí na nOsraí

Rí na nOsraí de rítheaghlach Dhál Bhirn ba ea Faolán mac Forbasaigh (Sean-Ghaeilge Fáelán mac Forbasaig) (bás 786). Forbasach mac Ailealla (bás 740), iar-rí, ba ea a athair. Tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht ar Dhúnghal mac Ceallaigh, agus bhí sé i réim ón mbliain 772 go dtí 786.

Infotaula de personaFáelán mac Forbasaig
Beathaisnéis
Bás786
Osraí
772 – 786 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairForbasach mac Ailella

Tharla cath cathartha i nOsraí tar éis bhás Anmchadha mhic Con Chearca c. 761. Sa bhliain 786, tuairiscítear sna hannála gur maraíodh Faolán de bharr an achrainn seo.[1]. Tháinig Maol Dúin mac Cumasaigh agus Fearghal mac Anmchadha i gcomharbacht air.

Notes cuir in eagar

  1. Annála Uladh, AU 786.4

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Teimpléad:Ireland-royal-stub