Fergal mac Anmchada

Rí na nOsraí

Rí na nOsraí de rítheaghlach Dhál Bhirn ba ea Fearghal mac Anmchadha (Sean-Ghaeilge Fergal mac Anmchada) (bás 802). Anmchadh mac Con Chearca (bás c. 761), iar-rí iomaíoch, ba ea a athair.[1]

Infotaula de personaFergal mac Anmchada
Beathaisnéis
Bás802
Osraí
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteDúngal mac Fergaile Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAnmchad mac Con Cherca

Tharla cath cathartha i nOsraí tar éis bhás athar Fhearghaile, taifeadta sna hannála Éireann dosna blianta 769–770 agus 784. Ní fios go cruinn cathain a tháinig sé i gcoróin. Feictear sna ríliostaí sa Leabhar Laighneach go raibh rí ann idir a Faolán mac Forbasaigh (bás 786) agus Fearghal féin, ach níl aon fhianaise le fáil dó siúd sna hannála. Tugtar réimeas cúig bliana d'Fhearghal sa liosta seo, ach dá bharr, bheadh sé i réim faoin mbliain 787 ar a laghad. Lena theacht i réim, thosaigh tréimhse chobhsaíochta sna hOsraí agus comharbacht díreach ó athair go deartháir nó mac.[2]

Ní tuairiscítear sna hannála maidir le Fearghal ach a thásc don bhliain 802.[3] Rinneadh rí Osraí dá mhac, Dúnghal (bás 842), mar a chomharba. Seanathair an rí chumhachtaigh Osraí, Cearbhall mac Dúnlainge (bás 888), ba ea é.

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar