Dúngal mac Fergaile
Rí na nOsraí
Rí na nOsraí de rítheaghlach Dhál Bhirn ba ea Dúnghal nó Dúnlang mac Fearghaile (Sean-Ghaeilge Dúngal mac Fergaile). Bhí sé i réim ón mbliain 802 go dtí a bhás in 842.[1][2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 842 (Féilire Ghréagóra) |
Ríthe na nOsraí | |
802 – 842 ← Fergal mac Anmchada – Cearbhall mac Dúnlainge → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Riacán mac Dúnlainge, Cearbhall mac Dúnlainge, Land ingen Dúngaile |
Athair | Fergal mac Anmchada |
Tháinig Dúngal i gcoróin tar éis bhás a athar, Fearghal mac Anmchadha (bás 802), díreach ag tús ré na Lochlannach.[3] Ba chuid de thréimhse fhada cobhsaíochta polaitiúla sna hOsraí é réimeas Dhúnghaile.[4] Bhí beirt mhac aige a bhí ina ríthe Osraí:[5]
- Cearbhall (842-888), chomharba Dhúnghaile. Déantar cur síos ar a chlú agus a cháil i nAnnála Easpacha na hÉireann
- Riagan (888-894)
Bhí iníon aige fosta, Lann, bean chéile an Ardrí, Máel Sechnaill mac Máele Ruanaid.
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh
- Leabhar Laighneach, Reges Ossairge
- Ginealaigh as Rawlinson B 502, tiomsaithe le Donnchadh Ó Corráin
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Fitzpatrick Society, Mac Giolla Phádraig Clan
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Annála Uladh, AU 842.13
- ↑ Leabhar Laighneach, Cuid 29; fóilió 40e, Reges Ossairge
- ↑ AU 825.12
- ↑ Jim Reid, Early Irish Regnal Succession: A Case Study
- ↑ Annála Easpacha na hÉireann, FA 246