Riacán mac Dúnlainge

Rí na nOsraí
(Athsheolta ó Riagan mac Dúnlainge)

Rí na nOsraí de rítheaghlach Dál Birn ba ea Riagán mac Dúnlainge nó Dúnghaile (Sean-Ghaeilge Riacán mac Dúnlainge). Bhí sé i réim ón mbliain 888 go dtí 894.[1]

Infotaula de personaRiacán mac Dúnlainge
Ríthe na nOsraí
888 – 894
← Cearbhall mac DúnlaingeDiarmait mac Cerbaill → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairDúngal mac Fergaile
SiblínCearbhall mac Dúnlainge

Dúnghal mac Fearghaile iar-rí, ba ea athair Riagán. Tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir is sine, Cearbhall mac Dúnlainge, sa bhliain 888.[2] Dar le William Carrigan, is dócha gur shean é Riagán ag teacht i réim, tar éis réimeas daichead bliain a dhearthár. Lann ní Dhúnghaile ba a dheirfiúr.

Insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí conas a bhuaigh sé in rann na Lochlannach as Port Láirge:[3]

ACM888.6:Maidhm ria Riaccán, mac Dunghaile, for Ghallaibh Puirt Lairge, Locha Carman, & Tighe Moling, i farccbhadh dá chéd ceann.

Maidhm ag Riagán mac Dúnghaile, ar na Gaill Phort Láirge, Loch Carman agus Theach Moling, inar fágadh dhá chéad ceann.

Ní fios an bhfuair Riagán bás, é sin nó ar éirigh sé as de bharr a aoise. Tháinig a nia, Diarmaid mac Cearbhaill, i gcomharbacht air.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. William Carrigan. The History and Antiquities of the Diocese of Ossory, iml. I (1905), lch 41, ar Google Books
  2. Jim Reid, Early Irish Regnal Succession: A Case Study
  3. Annála na gCeithre Máistrí, ACM888.6
Réamhtheachtaí
Cerball mac Dúnlainge
Rí na nOsraí
888-894
Comharba
Diarmait mac Cerbaill