Cearbhall mac Dúnlainge

rí na nOsraí

Rí na nOsraí de rítheaghlach Dhál Bhirn ba ea Cearbhall mac Dúnlainge nó scataí Dúnghaile (Sean-Ghaeilge Cerball mac Dúnlainge, Dúngaile) (bás 888). Bhí sé i réim ón mbliain 842 go dtí a bhás sa bhliain 888.

Infotaula de personaCearbhall mac Dúnlainge
Beathaisnéis
Breithluach anaithnid
Bás888 (Féilire Ghréagóra)
Áit adhlacthaSaighir Cuir in eagar ar Wikidata
Ríthe na nOsraí
842 – 888
← Dúngal mac FergaileRiacán mac Dúnlainge → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 9ú aois
Teaghlach
PáisteCellach mac Cerbaill, Mór ingen Cearbhaill, Diarmait mac Cerbaill, Eithne ingen Cerbaill Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDúngal mac Fergaile
SiblínRiacán mac Dúnlainge

Dúngal mac Fergaile, iar-rí, ba ea athair Chearbhaill. Tháinig sé chun cinn tar éis bhás Fheilimí mhic Criomhthainn, rí na Mumhan, sa bhliain 847. Bhíodh Osraí faoi smacht ríthe Eoghanacht na Mumhan, ach tháinig sraith ríthe laige mar chomharbaí ar Fheilimí, arbh éigean dóibh dul i ngleic le hionsaithe Lochlannach ón muir. Dúradh mar thoradh go raibh Cearbhall sa dara háit mar rí cumhachtach sa tír.[1] Tháinig a dheartháir Riagán mac Dúnlainge i gcomharbacht air.

Aithnítear le Cearbhall Kjarvalr Írakonungr (Cearbhall rí Éireann), pearsa a fheictear sna ságaí Ioruacha mar shinsear roinnt teaghlach na hÍoslainne.[2]

Beatha Cearbhaill cuir in eagar

 
Ireland circa 900

Tuath Osraí cuir in eagar

Ar cheann de tuairim is 150 tuath a bhíodh i nÉirinn tráth ba ea ríochtOsraí. Ar an meán, críocha beaga a bhí ann i dtuath, timpeall 500 ciliméadar cearnach, agus daonra trí ní ceithre mhíle. Tuath mhór as an ngnáth ba ea Osraí, 2000 ciliméadar cearnach i n-achar trasna na Bearú i gcontaetha of Cill Chainnigh, Laoise agus Uíbh Fhailí an lae inniu, ar chomhtheorainn le Deoise Osraí.[3][4][5]

Agus Cearbhall Óg, bhíodj Osraí mar chuid de ríocht na Mumhan, faoi cheannas na nEoghanacht as Caiseal. Taobh thoir den chúige a bhíodh Osraí, ag roinnt teorann le ríocht na Laigean. Ar feadh tréimhse sa seachtú haois bhí deisceart Osraí bhí cheannas Chorca Laidhe, ríthe na Mumhan roimh thrácht na nEoghanacht. Dar leis an téacs Frithfolad Muman,[6] bhí na hOsraí féin ina ríthe Mumhan tráth. Is léir ón téacs gur dhream cumhachtach a bhí ann, cé go raibh a lá thart.[7]

Ré na Lochlannach cuir in eagar

Bhí saol Chearbhaill ar chomhaois le chéad ré na Lochlannach i nÉirinn, agus luaitear é go suntasach i bhfoinsí Lochlannacha níos deireanaí. Insítear i Icelandic Landnámabók na hÍoslainne go raibh Cearbhall (Kjarvalur) ina cheannaire Áth Cliath agus Iarla Inse Orc.

Cé gur threo an-chuid ríochtaí sa Bhreatain - Anglia Thoir, Fortriu, Mercia agus Northumbria — faoi bhrú na gcreachadóirí Lochlannacha, d'fhás a thionchar i nÉirinn de réir a chéile. Sa chéad leath den naoú haois, tháinig creachadóirí i mbuíonta beaga, ag méadú faoi cheannairí amhail is Tuirgéis sna 840í, agus Amhlaoibh agus Íomhar sna 850í.

Bhí na Lochlannaigh idir ina gcéilí comhraic agus ina gcomhghuaillithe Chearbhaill agus ríthe Éireannacha eile. I ndeireadh na dála, d'athródh na 'Gall-Ghaeil' saol polaitiúil na tíre, agus baile trádála bunaithe acu, ach ní fhacthas tionchar siúd ach go dtí na deichiú agus aonú haoiseanna déag seachas an naoú.

Teacht i réim cuir in eagar

Tháinig Cearbhall i gcomharbacht ar a athair, Dúnlang mac Fearghaile mar rí Osraí sa bhliain 842.[8][9] Ag an am seo, bhí Ardrí na hÉireannMaol Seachnaill mac Maoil Ruanaidh, pósta le deirfiúir Chearbhaill, Land. Bhí Cearbhall féin pósta le hiníon Maoil Seachnaill.[10][11][12][13][14]

Eachtraí a réimis cuir in eagar

Feictear Cearbhall don chéad uair sa bhliain 846, nuair a rinne na Lochlannaigh ruathar ar Osraí thuaidh, inár scriosadar cill ag Cúil Chaisín (gar de Ghabhalmhaigh) agus creachadar áit anaithnid darb ainm Cúl Maine. Cuireadh na ruathairí faoi léigear le coicís ag arm Chearbhaill agus cloíodh go dona iad.[15][16] An bhliain dár gcionn, ruaig Cearbhall ruathar Lochlannach eile, faoi cheannas Hákon éigin as Áth Cliath b'fhéidir, ag air eile anaithnid darb ainm Carn Brammit.[17][18][19][20][21]

Tá tuairisc ann i nAnnála na gCeithre Máistrí go ndearnadh Uí Chinnsealaigh na Laigean ruathar ar na jOsraí sa bhliain 848, faoi cheannas a rí, Echtigern mac Guaire. Insítear níos deireanaí i nAnnála Uladh go maraíodh Echtigern go fealltach ag Cearbhall Bruadar mac Aodha éigin, agus go maraíodh Bruadar ag a mhuintir féin seachtain i ndiaidh sin.[22][23][24]

Sa bhliain 854, cuireadh Cearbhall chun na Mumhan ag a dheartháir céile chun cáin agus gialla a ghabháil.[25]

Sa bhliain 855, insítear go ndearna sé ár mór ar arm Lochlannach faoi Rodolb éigin. Gabhadh é féin tar éis an chatha, ach d'éirigh leis éalú. Go gairid i ndiaidh sin, thug Cearbhall tacú le harm Danar, as Port Láirge is amhlaidh, faoi cheannas Horm in éadan na Lochlannach. D'iarr fir na Mumhan freisin cabhair ó Chearbhall in éadan na Lochlannach, a cloíodh acu uile (Cearbhall, Horm agus gur na Mumhan). Maraíodh Horm ag déanamh ruathair sa Bhreatain Bheag ag Rhodri Mór.[26][27]

Is amhlaidh go raibh comhaontas déanta ag Cearbhall le beirt ríthe Lochlannacha, Amlaíb Conung, "mac rí Lochlainn", agus Íomhar, ar a glaodh ina thásc "rí Lochlannach na hÉireann uile agus na Breataine".[28][29][30] Ní raibh dóthain nirt ag na comhghuaillithe ámh chun bac a chur ar Mhaol Seachnaill cáin agus gialla a éileamh ar Chearbhall sa bhliain 858,[31] ach chuaigh Cearbhall agus Íomhar ar slógadh sna Laigin agus furasta i gcoinne na Lochlannaigh (Gaeil-Gaill) sa Mhumhain.[32] An bhliain dár gcionn, rinne Cearbhall agus Amhlaoibh ruathar ar chríocha Mhaoil Seachnaill sa Mhí. Go gairid i ndiaidh sin ámh, b'éigean do Chearbhall ghéilleadh arís do Mhaol Seachnaill.[33][34][35]

Sa bhliain 860, chloígh Cearbhall arm Lochlannach ag déanamh ruathair sna hOsraí. Níos deireanaí sa bhliain úd, chuaigh sé ar slógadh le Maol Seachnaill in éadan Aodha Fhionnléith i dtuaisceart na tíre.[36][37]

Fuair Maol Seachnaill bás sa bhliain 862 agus tháinig i gcomharbacht ar Aodh Fionnliath, a phós a bhainteach, Land deirfiúr Cearbhaill. Sa bhliain chéanna, insítear gur chloígh Cearbhall cabhlach Lochlannach faoi Rodolb éigin, cá nach léir é áth é an fear céanna a cloíodh sa bhliain 855.[38]

Sa bhliain 864, rinne fir na Laigin agus a gcomhghuaillithe of Lochlannacha creach ar Osraí mar dhíoltas ar ruathar Chearbhaill. Bhain na hEoghanachta leas as an eachtra seo agus rinneadar féin ionsaí ar na hOsraí. Rinne Cearbhall creach orthu siúd chun a dhíoltas féin a bhaint amach. An bhliain chéanna, deirtear gur scrios sé a chomharsana ó dheas, na Déise.[39]

Sa bhliain 870, chuaigh Cearbhall le hAodh Fionnliath Ar feachtas sna Laigin. Rinne fir na Laigean ruathar ar arm na nOsraí, camptha amach óna arm Aodha main force, ach dhíbir Cearbhall iad cé le sochaí caillte, a ghaol Cennétig mac Gáethíne ina measc.[40][41]

Bás cuir in eagar

Tar éis tuairisce deireanaí faoi eachtra i gcúige Chonnacht agus cúige Mumhan sa bhliain 871, tá bearna ann sna hAnnála Easpacha.[42] I nAnnála Uladh, ní tuairiscítear aon rud eile faoi go dtí a bhás sa bhliain 888.[43] Adhlacadh é i Saighir, Uíbh Fhailí. Tháinig a dheartháir, Riagán, i gcomharbacht air.

Oidhreacht cuir in eagar

Caomhnaítear Cearbhall i bhfoinsí stairiúla mar rí crógach mór le rá, a bhain clú agus cáil amach as ucht a ghníomhartha gaisce, agus tá go leor staróg iontach scríofa faoi. Feictear rí nach mór-annála Éireann, ag déanamh cleamhnais leis an Ardrí agus ag baint neamhspleáchas na nOsraí amach ar an Mumhain. Feictear rí bhfoinsí Éireannacha maraon le Breatnaise agus Lochlannacha. Tá eolas ar leith faoi i bhfoinsí áirithe.

Cineál na bhfoinsí cuir in eagar

Díorthaithe ón saothar Croinic na hÉireann anois caillte atá na hannála Éireann a chláraíonn an naoú haois. Is claonta iad na hannála uile, agus is neamhiontaofa iad na foinsí eile maidir le Cearbhall.

Annála Easpacha na hÉireann, cuid de shaothar níos mó (féach thíos), dírithe go háirithe ar shaol Chearbhaill. I measc saothar eile den chineál céanna, tá Cogadh Gael le Gaill agus Caithréim Chellacháin Chaisil.

Spreagtha ag na hAnnála Easpacha, feictear Cearbhall mar shinsear i bhfoinsí Íoslainne, faoin ainm Kjarvalr Írakonungr.[44][45] Agus b'fhéidir go bhfuil sé luaite sa dán stairiúil de chuid na 11ú haoise, Fáistine Bhearcháin, ach le buafhocal mar is gnách sa saothar úd.[46]

I measc ginealach agus téacsanna dlí agus tíreolaíochta eile, tá mar shampla Frithfolad Muman, a leagann amach dualgais ríthe na Mumhan dá gcomhghuaillithe, tuatha agus géillsinigh. Tugann sé léargas ar stádas Osraí laistigh de ríocht na Mumhan.[47][48]

Annála Easpacha cuir in eagar

Is iad Annála Easpacha na hÉireann na hannála ina fhaightear an chuid is mó den eolas atá ann faoi Chearbhall. Scríobhadh i nOsraí iad, is dóigh faoi choimisiún a shliochtaigh, Donnchad mac Gilla Pátraic, agus dá bharr moltar gur claonta iad mar fhoinse. Tagann an mír maidir le beatha Cearbhaill chun deiridh go luath sna 870í, tá mar sin cúig bliana déag ag deireadh a shaoil ar iarraidh.

Bhí sé i gceist ag Annála Easpacha comhaontais agus gaiscí Chearbaill a ghlóiriú.[49][50][51]. Deirtear gur rí Críostaí den scoth é Cearbhall a mbíonn i mbun a naimhde a chloí, Lochlannaigh págánacha ach go háirithe. Os a choinne sin, deirtear go ndearna sé comhaontais le buíonta comhraic Lochlannacha go luath ina shaol. Cuirtear cuma mhaith orthu siúd, chun a náire a mhaolú, agus é ina rí Críostaí ag dul i bpáirt le creachadóirí págánacha.

Landnámabók cuir in eagar

Sa Landnámabók de chuid na hÍoslainne, feictear Cearbhall (Kjarvalur) mar thiarna Áth Cliath agus Iarla Inse Orc. Ag tús an leabhair, tá liosta de rialtóirí suntasacha na hEorpach le linn ré na Lochlannach. I dteannta leis an rí Osraí feictear na Pápaí, Adrian II agus Eoin VIII; Impirí Bhiosántacha, Leo VI Eagnaí agus a dheartháir Alexander; Harald Fairhair, rí na hIorua; Eric Anundsson agus a mhac Björn Eriksson na Sualainne; Gorm Seanna Danmhairge; agus Ailfrid Mór, rí Shasana.[52]

Déanann an Landnámabók trácht ar "Kormlöð", "Rafarta, iníon Kjarval", "Dufnial, mac Kjarval" agus "Friðgerðr, iníon Kjarval". Feictear Rafarta ní Raforta sna Njál's saga, Gretti's saga agus Laxdæla saga, agus Friðgerðr sna ságaí Vinland. Tuairiscítear pósadh "Eithne, iníon rí Kjarval Éireann" agus Hlodvir Thorfinnsson, Iarla Inse Orc sa sága Orkneyinga agus Iarla Sigurd Ramhar a mic, a maraíodh i gCath Chluain Tarbh.[53] Is cinnte gur Éireannach iad roinnt desna hainmneacha seo: Kormlöð (Gormflaith), Eithne agus Dufnial.

Ní follasach é cén fáth a bhfuil ról lárnach ag Cearbhall i ságaí agus ginealaigh na hÍoslainne. Is amhlaidh go ndeachaigh muintir Chearbhaill chuig an Íoslainn Ui dtreo dheireadh na 10ú haoise. I bhfianaise an dáta a scríobhadh an Landnámabók, is dócha gur neamh-iontaofa iad na seanghinealaigh seo. Is fiú a lua fós gur athscríobhadh ginealaigh na nOsraí chun iad a chur leis na Laighin, rud a chur leis an éiginnteacht.

Moltar gurbh é an tóir mhór a bhí ar Annála Easpacha na hÉireann i measc na Gall-Ghaeil de chuid na 11ú haoise ba chúis le seasamh Chearbhaill i scríbhneoireacht Íoslainne. Arbh é Cearbhall ina shinsear na n-Íoslainneach nó nárbh é, ní tábhachtach sin ar thaobh na tuairime gur mheas siad gur bhfiú é a mhaíomh.

Annales Cambriae cuir in eagar

Tuairiscítear bás Chearbhaill sna hAnnales Cambriae Dúin bhliain 887. Is é Cearbhall an t-aon rí Éireannach amháin nach Uí Néill é a fheictear sna hannála úd, rí a chuireann a chuid tábhachta in úil.

Foinsí eile cuir in eagar

Is léir go bhfuil Cearbhall luaite sa téacs, Fáitsine Bhearcháin, trí leasainm nó bhuafhocal mar is gnách sa saothar úd.[54]

An lá inniu cuir in eagar

Mar a thugann staraithe faoi ndeara, bhí Cearbhall ina phatrún de thionscadail tógála den scoth ina ríocht, rud a spreag ceird snoí ardchros i nOsraí.[55] I mí Feabhra 2017, osclaíodh Músaem an Mhíle Mheánaoisigh, le taispeántas a chuireann béim ar ról rí Chearbhaill mar phatrún na ceirde úd.[56]

Craobh ghinealaigh cuir in eagar

Maítear gur sinsear é Cearbhall de roinnt teaghlach suntasach, idir i nÉirinn, in Albain agus san Íoslainn. Is sinsear é de gach rí is the direct male ancestor of the rí Osraí ina dhiaidh, mar mar sin sinsear Mhic Giolla Phádraig, ríthe Osraí agus in am trátha barúin agus iarlaí Osraí Uachtaraigh, chomh maith le Barúin Castletown. Is sinsear é fosta de chlann Uí Bhraonáin as Uí Dhuach,[57] clann shóisearacha trína mac níos sine leis.[58]

Feictear Cearbhall fosta i liteartha na hÍoslainne mar sheanathair máthartha Helgi the Lean, lonnaitheoir mór le rá, sinsear go leor teaghlaigh Íoslainne, an laoch Gunnar Hlíðarendi ina measc.[59]

 
Dúnghal
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Cearbhall
 
Riagán
 
Lann
 
Maol Seachnaill
 
Aodh Fionnliath
 
Gaoithine
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Diarmaid
 
Cuilde
 
Ceallach
 
Rafarta
 
Dúnghal
 
Kormled
 
Frithgertr
 
Ethna
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Eyvindr
 
 
 
 
 
 
 
Grimolfr
 
 
Iorirhima
 
 
Hlotvir
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
?
 
 
Donnchadh
 
Cuileann
 
 
 
 
Dufthakr
 
Thorgrimr
 
 
 
 
 
Signuth digri
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Ceallach
 
 
Giolla Phádraig
 
 
 
 
 
 
 
 
Vilbadr
 
Askell hnokhan
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Mhic Giolla Phádraig
 
 
 
 
 
 
 
 
Bjollok
 
Bjolan

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Irish Kings, lch. 266.
  2. "Eru Íslendingar komnir af Kjarval Írakonungi". mbl.is. Dáta rochtana: 9ú Eanáir 2017.
  3. Byrne, Irish Kings, ll. 46–47
  4. Kelly, Early Irish Law, ll. 1–16
  5. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 102–106.
  6. Frithfolaid ríg Caisil fri túatha Muman ar CODECS Curtha i gcartlann 2021-08-14 ar an Wayback Machine
  7. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 541.
  8. Hudson, "Cerball"
  9. AU 842.
  10. AU 842, 847
  11. AEÉ 246
  12. Hudson, "Cerball"
  13. Charles-Edwards, "Máel Sechnaill"
  14. Downham, "Cearbhall", ll. 6–7.
  15. ACM 844
  16. Downham, "Cearbhall", ll. 9–10. B'fhéidir gurbh as ceantar i gContae Cheatharlach na Lochlannaigh úd.
  17. Downham, "Cearbhall", lch. 10
  18. Downham, Viking Kings, lch. 237
  19. AU 848
  20. ACM 846
  21. CS 847
  22. Downham, "Cearbhall"
  23. ACM 846
  24. AU 853.
  25. AEÉ 246
  26. AEÉ 251, 254
  27. AU 856.
  28. AEÉ 259
  29. AU 853, 873
  30. Pléitear a sinsearacht le hÓ Corrain, The Vikings in Scotland and Ireland.
  31. AEÉ 260.
  32. AEÉ 262, 263.
  33. AEÉ 265
  34. AU 859
  35. Byrne, Irish Kings, lch. 265.
  36. AEÉ 277, 279
  37. AU 860.
  38. AEÉ 308
  39. AEÉ 314, 318.
  40. AEÉ 377, 387
  41. AU 870.
  42. AEÉ 398, 399.
  43. AU 888.
  44. Byrne, lch. 162
  45. Ó Corrain, "Viking Ireland – Afterthoughts", ll. 17ff.
  46. Hudson, Prophecy of Berchán, ll. 135–138.
  47. Byrne, Irish Kings, ll. 196–199
  48. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 534–548.
  49. Radner, Writing History, ll. 321–325
  50. Ó Corráin, "Afterthoughts", ll. 18–19
  51. Flanagan, "High-kings with opposition", ll. 916 & 919
  52. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named snerpa
  53. Ó Corrain, "Viking Ireland – Afterthoughts"
  54. Hudson, B.T. (1996). "Prophecy of Berchán: Irish and Scottish High-kings of the Early Middle Ages". Greenwood Press. Dáta rochtana: 9ú Eanáir 2017. 
  55. T. Lyng. Old Kilkenny Review, 1981, ll. 254-268
  56. Medieval Mile Museum
  57. "Ireland's History in Maps - Ancient Ossory, Osraige, Osraighe". rootsweb.ancestry.com (25ú Deireadh Fómhair 2003). Dáta rochtana: 9ú Eanáir 2017.
  58. "Brenan (No.1) family pedigree". libraryireland.com. Dáta rochtana: 9ú Eanáir 2017.
  59. Alex Woolf, Imagining Shetland before the Vikings academia.edu
  60. Hollander, L.M. (1997). "Njal's Saga". Wordsworth Editions, Limited. Dáta rochtana: 9 January 2017. 
  61. "Old Norse Forms of Early Irish Names". ellipsis.cx. Dáta rochtana: 9ú Eanáir 2017.


Réamhtheachtaí
Dúngal mac Fergaile
Rí na nOsraí
842–888
Comharba
Riagan mac Dúnlainge