Cellach mac Cerbaill
Rí na nOsraí de rítheaghlach Dhál Bhirn ba ea Ceallach mac Cearbhaill (Sean-Ghaeilge Cellach mac Cerbaill). Bhí sé i réim ón mbliain 905 go dtí a bhás sa bhliain 908.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 908 (Féilire Ghréagóra) |
Ríthe na nOsraí | |
905 – 908 ← Diarmait mac Cerbaill – Diarmait mac Cerbaill → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Dubhdara (?), Donnchadh mac Cellaigh, Cuilén mac Cellaig |
Athair | Cearbhall mac Dúnlainge |
Siblín | Diarmait mac Cerbaill agus Eithne ingen Cerbaill |
Gaoil ríoga
cuir in eagarCearbhall mac Dúnlainge (bás c. 888), iar-rí, ba ea athair Cheallaigh. Bhí sé pósta le Echrad ní Madadún mhic Aodha (rí na nUlad, bás c. 950). Bhí mac acu, Donnchadh (bás c. 976), a bheadh ina rí Osraí in am trátha.[2] Mac Aodha (bás c. 919) mhic Eochagáin mhic Aodha (bás c. 883) ba ea Madadún, athair chéile Cheallaigh.[3] Bhí Eochagán pósta le hInderb ní Mhaoil Dúin de Chineál Eoghain. Bhí Mail Dúin (bás c. 867) agus a athair, Aodh Oirdní mac Néill (bás c. 819), ina ríthe Ailigh.[4][5][6][7][8][9]
Réimeas
cuir in eagarBhí Ceallach ar an bhfód i gCath Gabhrán sa bhliain 893.[10] Tháinig sé i gcoróin tar éis dá dheartháir níos sine Diarmaid a chur as sa bhliain 905. Maraíodh Ceallach i gCath Mhagh Ailbhe, ag troid ar son an rí-easpaig, Cormac mac Cuileannáin, sa bhliain 908. Mar a insítear i nAnnála Inis Faithlinn:[11]
“ | AI 908.2:Cath Maige Aillbe ré Lagniu & h-Uib Neill for Mumnechu in quo cecidit Cormacc macc Cuilenáin, rí Cassil, & Cellach macc Cerbaill, rí Osraige | ” |
Insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí ámh gur tharla an cath úd ag Bealach Múna sa bhliain 903:[13]
“ | ACM 903.7: Cath Bhealaigh Mughna ria f-Flann mac Maoil Sechlainn, rí Ereann, ... for Corbmac mac Cuilennáin, rí Caisil... At iad na saer-clanna torcratar imaille fris ... Ceallach mac Cearbhaill, tighearna Osraighe | ” |
Tar éis a bháis, chuir a gcol ceathrar, an tArdrí Flann Sionna, Diarmaid deartháir Cheallaigh ar ais i gcoróin. Adhlacadh é is dóigh sa reilig i Saighir.
Oidhreacht
cuir in eagarSinsear na clainne meánaoisí, Mhic Giolla Phádraig is ea Ceallach, agus deirtear sa saothar Íoslannach, Landnámabók, ina dtugtar Kjallakur Kjarvalson air, gur sinsear roinnt luath-lonnaitheoirí na tíre é.[14]
Féach freisin
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagar- Fitzpatrick Society, Mac Giolla Phádraig Clan
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ The History and Antiquities of the Diocese of Ossory, iml. I (1905), ll. 41-44.
- ↑ Dobbs, Margaret E. (eag. agus aistr.), “The Banshenchus [part 2]”, Revue Celtique, iml. 48, (1931): lch. 188 (“Echrad ingen Madadain m. Cellaig rig Osraidi, mathair Dondchada m. Aeda ; 7 mathair Muirchertaig (ob. 976) m. Domnaill Ui Neill.”).
- ↑ Dobbs, Margaret E., “The Banshenchus [part 1]”, Revue Celtique, Vol. 47, (1930) lch. 337 (“Echrad, daughter of Matudan son of Aed, had a lovely colour. She bore Murchertach the impetuous son of Domnall Ua Neill, the fighter in the battle.”).
- ↑ Kelley, David H. "Descents from the High Kings of Ireland." The American Genealogist. (Eanáir 1978). Iml. 54. ui. 1, ll. 1-5.
- ↑ Dobbs, Margaret E., “The Banshenchus [part 2]”, Revue Celtique, Vol. 48, (1931), lch. 227 (“Ingean Madadain (ob. 949) m. Aeda .1. Eachrad, mathair Muircertaig (ob. 976) m. Domnaill Arda Mâcha, athair Flaitbertaig in Trostân (ob. 1036).”).
- ↑ Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- ↑ Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- ↑ Byrne, Irish Kings, lch. 284, tábla 5
- ↑ Ó Corrain, Ireland before the Normans, lch. 180.
- ↑ ACM 893.11
- ↑ Annála Inis Faithlinn, AI 908.2
- ↑ Crawford, Irish Carved Ornament, féach léaráid 150 agus plé ar ll. 73-74.
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 903.7
- ↑ Landnámabók, lch. 352
Réamhtheachtaí Diarmait mac Cerbaill |
rí Osraí 905-908 |
Comharba Diarmait mac Cerbaill |