Anmchad mac Con Cherca
Rí na nOsraí de rítheaghlach Dhál Bhirn ba ea Anmchadh mac Con Chearca (Sean-Ghaeilge Anmchad mac Con Cherca) (bás 760idí). Bhí Osraí mar chuid den and Mhumhain ag an am. Chuaigh Anmchadh arís is arís eile ar feachtais in éadan a chomharsana thoir, na Laigin.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 760í |
Ríthe na nOsraí | |
740 – 760 ← Forbasach mac Ailella – Tóim Snáma mac Flainn → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Fergal mac Anmchada |
Athair | Cú Cherca mac Fáeláin |
Tosca
cuir in eagarBhí ríocht Osraí ar cheann de tuairim is céad ríocht bheaga a bhí ann i nÉirinn san 8ú haois. Bhí na hOsraí lonnaithe i gContae Chill Chainnigh agus cuid de Contae Laoise. Bhí dhá phríomheaglais sa ríocht sa ré seo, Achadh Bhó (eaglais Naomh Chainneach) agus Saighir (Contae Uíbh Fhailí, eaglais Naomh Chiarán).[1][2]
Cé gur tugadh do rítheaghlach na nOsraí, an Dál Bhirn agus Anmchad mar bhall, ginealach a shín i bhfad siar i míotar agus seanscéal, is amhlaidh nár tháinig siad chun cinn go dtí deireadh na 6ú haoise. Feictear Colmán Mór Mac Feradaigh mar rí Osraí sa [Naomhsheanchas|Bheatha]] Naomh Cainneach. Is amhlaidh go raibh Scanlán mac Colmáin (bás 643), luaite sa Beatha Cholm Cille le Adhamhnán, ina rí freisin.[3][4]
Is doiléir é comharbacht na ríthe Osraí tar éis bhás Scanláin. Níl iontu i réamhtheachtaí Anmchadha ach ainmneacha a bheag nó a mhór. Fuair athair Anmchadha, rí Cú Chearca, bás sa bhliain c. 713; maraíodh Ceallach mac Faolchair sa bhliain in 735 ag troid le Cathal mac Finghin in éadan na Laigean; agus maraíodh Forbasach mac Ailealla is dócha dá bhliain 740, ach ní fios an chúis.[5][6][7][8][9] Meastar go ndearnadh Anmchadh ina rí tar éis bhás Fhorbasaigh.[10][11]
Réimeas
cuir in eagarTar éis bhás Chathail mhic Fhinghin, tháinig i réim sa Mhumhain sraith ríthe nár fhág ach pas beag ar díol suntais sna hannála. Rinne Donnchadh na Mí, ardcheannaire Uí Néill agus Ardrí na hÉireann, sraith feachtas in éadan Uí Dhúnlainge na Laigean, ach níor tháinig fir na Mumhan ina choinne. Dar leis na hannála, bhí Anmchadh ina rí is gníomhaí ón gceachtar úd i lár na 8ú haoise.[12]
Is é sa bhliain 742, le bás Chathail, a fheictear an chéad taifead do réimeas Anmchadha. Insítear i nAnnála Uladh agus i nAnnála Tiarnaigh gur scrios na hOsraí tailte Chineál Fiachach agus Dealbhna, suite thar Gleann na Brosnaí, idir Mainistir Darú agus an tSionainn i gContae Uibh Fhailí an lae inniu.[13][14][15] Is amhlaidh sa bhliain dár gcionn, ach b'fhéidir 745, chloígh Anmchadh na Déise Mhumhan i oirthear Chontae Phort Láirge, ag marú a rí, Uargus mac Fiachrae.[16][17] An bhliain dár gcionn eile, chloígh agus mharaigh Anmchadh triúr mac Chumascraihh, cé nach fios cé haidsan nó fáth an achrainn.[18][19]
Bhí na Laighean fós ina bpríomhchéilí comhraic Anmchadha, Uí Bhairrche Tíre agus Uí Chinnsealaigh i gCeatharlach ach go háirithe. Ní fios go cruinn, ach b'fhéidir é go raibh na Laighin ar an bhfód ag Cath Inis Snaic, timpeall na bliana 750.[20][21][22] Sa bhliain 754, scrios na hOsraí críocha Fhotharta Feá i gCeatharlach.[23][24][25] Sna blianta 759 agus 761, throid Anmchadh ag Bealach Gabhráin, an príomhshlí idir Laigin agus Osraí, agus chloígh sé gur na Laigin faoi dhó. Sa dar cath, maraíodh Donngal mac Laidcnén, rí Uí Chinnsealaigh.[26][27][28][29]
Níl trácht ar bith ar Anmchadh le fáil sna foinsí tar éis bhás Donnghaile. Sa bhliain 769, tharla cath cathartha sna hOsraí inar cloíodh mic réamhtheachtaí Anmchadha, Ceallach, ag Tuaim Snámha mac Flainn, anois i gceannas is amhlaidh. Más fíor, meastar go bhfuair Anmchadh bás an éigin idir 761 agus 769. Bhí mac amháin ar a laghad ag Anmchadh a mhair ina dhiaidh, Fearghal (bás 902), a bhí ina rí Osraí freisin.[30][31][32]
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála na gCeithre Máistrí
- Annála Uladh
- Annála Tiarnaigh
- Ginealaigh as Rawlinson B 502, tiomsaithe le Donnchadh Ó Corráin
- Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge: Cambridge University Press.
- Downham, Clare (2004). "The career of Cearbhall of Osraige". Ossory, Laois and Leinster 1: 1–18. ISSN 1649-4938.
- Mac Niocaill, Gearóid (1972). "Ireland before the Vikings" 1. Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Downham, "Career", lch. 7
- ↑ Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 292–294.
- ↑ B'fhéidir é go raibh athair Cholmáin ina rí. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 292–294 & 488–489
- ↑ Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, ll. 84 & 86.
- ↑ Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, ll. 127, 129, tábla 23
- ↑ Annála Uladh, AU 735.3
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 735.3
- ↑ Annála Inis Faithlinn, AI 735.1
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 735.7.
- ↑ Mac Niocaill, lch. 129, tábla 23
- ↑ Leabhar Laighneach, Reges Osairge.
- ↑ Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 596.
- ↑ Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 127
- ↑ AT 742.2
- ↑ AU 742.2.
- ↑ Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 127
- ↑ ACM 741.10.
- ↑ Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 129
- ↑ ACM 742.16.
- ↑ Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 576
- ↑ Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 129
- ↑ AT 750.10.
- ↑ Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 127
- ↑ AU 754.6
- ↑ AT 754.6
- ↑ Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 576 & 596 nóta 40
- ↑ Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 129
- ↑ AT 759.6, 761.2
- ↑ AU 761.3.
- ↑ Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 576
- ↑ Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 129
- ↑ AU 769.1, 770.2, 802.4.