D. W. Griffith

stiúrthóir scannán agus léiritheoir Meiriceánach (1875–1948)

Stiúrthóir scannán, scríbhneoir agus léiritheoir Meiriceánach ab ea David Wark Griffith (22 Eanáir 187523 Iúil 1948) a bhí ina cheannródaí ag cruthú teicnící scannánaíochta nua.[1] Maireann a chlú thar aon ní eile mar gheall ar an dá scannán úd leis The Birth of a Nation (1915) agus Intolerance (1916).[2] Bhain sé úsáid as modhanna scéalaíochta agus teicnící ceamara a bhí go mór chun tosaigh in The Birth of a Nation. Cuireadh fáilte chomh mór sin sna pictiúrlanna go raibh an scannán lánfhada in uachtar as sin amach. Chomh maith leis sin, chothaigh an scannán conspóid shuntasach ar siúl faoi chiníochas sna Stáit Aontaithe.[3][4] de bharr an íomhá de ghormaigh agus glóiriú an Ku Klux Klan a bhí le feiceáil sa scannán. Inniu, moltar teicnící radacacha an scannáin go díreach mar a cháintear a fhealsúnacht chiníoch.[1] Chuir an NAACP baghcat air agus chuaigh cúpla pictiúrlann ina gcíréib nuair a léiríodh é. Rinneadh cinsireacht air i roinnt cathracha, Nua-Eabhrac san áireamh. Rinne Grifffith Intolerance mar fhreagra ar an lochtú go léir.[1]

Infotaula de personaD. W. Griffith

(1916) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) David Llewelyn Wark Griffith
22 Eanáir 1875
La Grange, Kentucky, Kentucky Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Iúil 1948
73 bliana d'aois
Hollywood, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Rith fola ceirbreach)
Áit adhlacthaMount Tabor Methodist Church Graveyard (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreBalbhscannán
Suíomh oibre Hollywood
Stáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmstiúrthóir scannán, eagarthóir scannán, léiritheoir feidhmiúcháin, scríbhneoir scripte, aisteoir, léiritheoir scannáin, stiúrthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1907 –  1931
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileLinda Arvidson (1906–1936) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJacob Wark Griffith
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0000428 Allocine: 1815 Rottentomatoes: celebrity/dw_griffith Allmovie: p92597 TV.com: people/d-w-griffith AFI: 34832
Find a Grave: 1744 Cuir in eagar ar Wikidata

D'éirigh le roinnt scannán eile de chuid Griffith níos déanaí freisin, mar shampla Broken Blossoms (1919), Way Down East (1920) agus Orphans of the Storm (1921), ach ba bheag an brabús a bhí le baint astu mar gheall ar na hardchostais a bhain leo. Rinne Griffith isteach is amach le 500 scannán le linn a shaoil. Ba é The Struggle (1931) an ceann deireanach dá chuid.[2]

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Griffith i gContae Oldham, Kentucky, agus d'fhás sé aníos ansin agus in Louisville, Kentucky. Fuair a athair bás nuair a bhí D. W. 10 mbliana d'aois agus d'fhág sin an teaghlach beo bocht. Sa bhliain 1907, thug sé aghaidh ar Chathair Nua-Eabhrac. Rinne sé iarracht script scannáin a scríobh sé a dhíol le stiúrthóir. Dhiúltaigh an fear seo dó ach chuir sé Griffith i ról i scannán mar aisteoir.

Fuair Griffith bás in Hollywood, California. Tá sé curtha in Centerfield, i gContae Oldham, Kentucky.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 "D.W. Griffith". Encyclopædia Britannica.
  2. 2.0 2.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The New York Times.
  3. "'The Birth of a Nation': When Hollywood Glorified the KKK | HistoryNet" (en-US).
  4. "The Birth of a Nation: a gripping masterpiece … and a stain on history" (en-GB).