Roimh úsáid na bhfuaimscannán, bhraith na scannáin reatha ar léiriú feiceálach na n-aisteoirí, agus scríobhtaí focail aon agallaimh ar an scáileán ó am go chéile idir radhairc an phictiúir. Go minic bhíodh tionlacan ceoil a sheinneadh ceolfhoireann nó pianódóir aonair beo. Bhíodh an-chuid grinn ropánta, pictiúir cleasa, gearrscéalta rómánsacha agus drámaí 5 nóiméad sna balbhscannáin. Tháinig na fuaimscannáin chun cinn go déanach sna 1920idí.[1]

Balbhscannán

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Balbhscannán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 60.