Dachaigh airson Stòras na Gàidhlig
Is cartlann ar líne de chuid Ollscoil Ghlaschú é Dachaigh airson Stòras na Gàidhlig (nó DASG; Béarla: Digital Archive of Scottish Gaelic) a bhailíonn téacsanna, taifid, agus acmhainní do Ghaeilge na hAlban.[1]
URL | https://dasg.ac.uk/?lang=gd |
---|---|
Cineál | cartlann dhigiteach |
Cur i seirbhís | 2014 |
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Tá trí rannán mhóra ann:
- Corpas na Gàidhlig, corpas ina bhfuil breis is 30 milliún focal. Tá na sonraí ar fáil trí CQPWeb.[2]
- Faclan bhon t-Sluagh. Rinneadh an obair allamuigh seo ar son Fhoclóir Stairiúil na Gàidhlig in Albain agus in Albain Nua ó na 1960idí go dtí na 1980idí.[3]
- Cluas ri Claisneachd, cartlann fuaime nach bhfuil ar fáil faoi láthair (2024).[4]