Is é Daniel O'Hara stiúrthóir an scannáin Yu Ming Is Ainm Dom agus scannáin eile. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é O'Hara agus chaith sé tréimhse ina chónaí sa Ghearmáin tar éis dó céim a bhaint amach sa Staidéar Gnó le Gearmáinis i lár na nóchaidí. Is é Fluent Dysphasia (2004), ina bhfuil an príomhról ag an aisteoir Stephen Rea, an scannán gearr is déanaí uaidh. Sa saothar seo, insítear scéal fir a dhúisíonn ar maidin tar éis oíche ar an drabhlás nach féidir leis ach teanga amháin, an Ghaeilge, a labhairt. Braitheann sé frustrachas as cuimse de bhrí nach dtuigeann aon duine ach a iníon céard atá á rá aige. Taispeánadh Fluent Dysphasia ag Féile Scannán Chorcaí i mí Dheireadh Fómhair 2004 agus bhuaigh sé gradam an lucht féachana don ghearrscannán is fearr Éireannach.

Infotaula de personaDaniel O'Hara
Gníomhaíocht
Réimse oibreStiúradh scannán agus scríbhneoireacht scannán
Gairmstiúrthóir scannán, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

IMDB: nm1637821 Cuir in eagar ar Wikidata