Páirtí Náisiúnta Daonlathach Forásach

Páirtí polaitiúil Éireannach ab ea an Páirtí Náisiúnta Daonlathach Forásach (Béarla: National Progressive Democrats).[1] Páirtí beag den eite chlé a bhí ann.

Stair cuir in eagar

Bhunaigh Nollaig de Brún agus Jack McQuillan an páirtí ar bhunús sóisialach sa bhliain 1958.

Chuireadar an-bhrú ar rialtas Fhianna Fáil ag cur ceisteanna agus ag iarraidh díospóireachtaí go dtí gur athraíodh na rialacha d’aon turas chun a leithéid a chosc ar aon pháirtí nach raibh seachtar teachtaí acu.[2] Pléadh 9 rún in am comhaltaí príobháideacha sa Dáil idir 1958 agus 1961, 7 dóibh ón mbeirt. Chuir siad 1400 ceisteanna sa Dáil sna blianta 1961 agus 1962, 17% den iomlán. Thug Seán F. Lemass an "fíor-fhreasúra" orthu. Ach ba mhinic an masla ‘Ask Khrushchev’ a chaitheamh leo sa Dáil – tagairt do cheannaire an Aontais Shóivéadaigh.

Níor tháinig méadú ar thacaíocht an pháirtí d'ainneoin na hoibre a chuir an bheirt i gcrích sa Dáil. Áth-thoghadh an bheirt in olltoghchán 1961. Díscoireadh an páirtí sa bhliain 1963 nuair a chuaigh an bheirt isteach i bPáirtí an Lucht Oibre.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Daonlathaithe Forchéimnitheacha Náisiúnta
  2. Mairéad Ní Nuadháin (4 Lúnasa 2023). "Polaiteoir radacach agus peileadóir cumasach, ach ar éigean a chloisimid focal faoi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-05.