Darú (Contae Laoise)

baile i gContae Laoise

Is baile beag é Darú[1], ar a dtugtaí Darmhagh Ua nDuach tráth. Tá sé suite i ndeisceart Chontae Laoise i gCúige Laighean in Éirinn, ar bhóthar an R639 cois Uircín (craobhabhainn de chuid na Feoire).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilDarú

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°50′39″N 7°23′33″W / 52.8442°N 7.3925°W / 52.8442; -7.3925
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Laoise Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde95 m Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1416674
Suíomh gréasáindurrowvillage.com Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Deirtear gur chuir Colm Cille mainistir ar bun san áit sa bhliain 546 A.D, ach is i gContae Uíbh Fhaili atá sé suite. Sa bhliain 1155 dhóigh slua Uí Lochlainn an eaglais i nDarmhagh-Ua-nDuach. Cuireadh baile de chuid na Normannach ar bun sa 13ú haois. Sa bhliain 1245 thug rí Shasana cead do Geoffrey de Turville, easpag Osraí ó 1244 go 1250, féile a chur ar bun sa tríú seachtan i mí Iúil, agus gach Déardaoin.

 
Darú

Sa bhliain 1659 bhí 105 teaghlach sa cheantar, a bhí faoi smacht muintir Urmhumhan. Tá eaglais Chaitliceach agus eaglais Phrotastúnach le fáil i mapa de chuid Sir William Petty ón mbliain 1685. Tugadh Darú do Chontae Chiill Chainnigh, ach sa bhliain 1846 thug Parlaimint na Breataine an ceantair do Chontae Laoise.

Bhí an-tionchar ag an MP William Flower Viscount of Ashbrook ar chruth an tsráídbhaile sa lá atá inniu ann. Thug diúc Urmhumhan an ceantar do “William Flower and his heirs, forever” ar an 19 Feabhra 1708.

Bhí stad do chóistí idir BÁC agus Corcaigh suite ag an Red Lion Hotel. Sa bhliain 1842 tháinig seirbhís laethúil Bianconi idir Mountmellick agus Cill Chainnigh i gcomharbas air.

Sa bhliain 1831 bhí 2911 duine ina gcónaí sa cheantar, agus 2977 sa bhliain 1841, de réir an daonáirimh. Bhí sé scoil sa sráidbhaile agus luaitear mar ‘small market and post village’ é.

Sa lá atá inniu ann oibríonn formhór mhuintir na háite i mbailte móra mar Chill Chainnigh agus Phort Laoise.

Sáisiún aimsire cuir in eagar

Tá stáisiún aimsire lonnaithe i nDarú. [1] Bunaíodh i mí na Bealtaine 2008 é. Davis ProVantage 2 Station atá ann.

 
Droichead ar imeall Dharú

Spórt cuir in eagar

Tá club de chuid CLG, Na Cláirsigh, sa cheantar, chomh maith le clubanna sacair agus iascaireachta.

Daoine cuir in eagar

Chónaigh William Carrigan sa cheantar. Canónach agus staraí a bhí ann

Tagairtí cuir in eagar

Naisc cuir in eagar