Dara Ó Cinnéide

imreoir peil Ghaelach

Craoltóir agus iar-pheileadóir is ea Dara Ó Cinnéide, a rugadh i gContae Chiarraí ar an 25 Aibreán 1975. D'imir sé le Ciarraí idir 1994 agus 2005, agus tá trí bhonn buaite aige i gCraobh na hÉireann.

Infotaula de personaDara Ó Cinnéide

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Aibreán 1975
48 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Mhuire gan Smál Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí, craoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaGaeilge na Mumhan
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata

Ag imirt peile cuir in eagar

D'imir Ó Cinnéide a chéad chluiche idirchontae in aghaidh Dhún na nGall sa tSraith Náisiúnta sa bhliain 1994. Bhuaigh sé Craobh na hÉireann den chéad uair sa bhliain 1997, nuair a bhuaigh Ciarraí ar Mhaigh Eo sa chluiche ceannais. D'aimsigh Ó Cinnéide dhá chúl agus cúig chúilín is fiche sa bhliain 2000, ceithre chúilín sa chluiche ceannais. Bhuaigh Ciarraí ar Ghaillimh sa chluiche sin. Bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann a fuair an lámh in uachtar i gcoinne Mhaigh Eo sa chluiche ceannais sa bhliain 2004. Agus é ag glacadh an choirn, thóg sé a óráid ar fad as Gaeilge.

Lean Ó Cinnéide ar aghaidh ag imirt lena chlub An Ghaeltacht go dtí an bhliain 2007.

Raidió agus teilifís cuir in eagar

Oibríonn sé ina léiritheoir ar an gclár An Saol Ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta. Bíonn sé le feiceáil freisin uaireanta ar TG4 mar aoi ar na cláir spóirt. Is é Dara Ó Cinnéide an láithreoir ar an irischlár seachtainiúil Seó Spóirt ar TG4 anois.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar