Darach Mac Con Iomaire
scríbhneoir agus stiúrthóir scannán Éireannach
Is aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir scannán Éireannach é Darach Mac Con Iomaire.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 1977 46/47 bliana d'aois An Charraig Dhubh, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
Áit chónaithe | An Charraig Dhubh Gaillimh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | stiúrthóir scannán, aisteoir |
Fostóir | An Taibhdhearc |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Teaghlach | |
Athair | Liam Mac Con Iomaire |
Siblín | Colm Mac Con Iomaire agus Nuala Nic Con Iomaire |
Scríobh agus stiúir sé ceithre chlár den tsraith Corp + Anam in 2011, agus scríobh sé eipeasóid de shraith theilifíse eile, Síol, a craoladh in 2010. Bhí páirt aige sa ghearrscannán Padraig agus Nadia in 2002, agus mar Harry Lyons in eipeasóid de chuid Ros na Rún in 1996. Is i nGaeilge amháin a oibríonn sé. Cé gur tógadh i mBaile Átha Cliath é, is as Conamara dá athair Liam Mac Con Iomaire, agus ba í Gaeilge an teanga a bhí aige ón gcliabhán. Chaitheadh an teaghlach laethanta saoire i gConamara freisin.[1]
Bhí Mac Con Iomaire ina stiúrthóir ealaíne ar an Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge, agus bronnadh Gradam Walter Macken air.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Interview with Darach Mac Con Iomaire” (2016-06-07).