Darren Sutherland
Dornálaí Éireannach ab ea Darren Sutherland, "The Dazzler" a thugtaí air, (18 Aibreán, 1982 - 14 Meán Fómhair, 2009). As Baile Átha Cliath dó. Bhuaigh sé bonn cré-umha sa chomórtas mheánmheáchain sna Cluichí Oilimpeacha i mBéising sa bhliain 2008.
Darren Sutherland | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Baile Átha Cliath, Aibreán 18, 1982 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | Londain, Meán Fómhair 14, 2009 |
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás | Féinmharú (crochadh) |
Gairm | |
Gairm | dornálaí |
Airde | 175 cm |
Chuir sé lámh ina bhás féin ar an 14 Meán Fómhair 2009. Aimsíodh ina árasán i mBromley, Londain é.
SaolCuir in Eagar
D'fhoghlaim Sutherland an cheird agus é ag freastal ar Chumann an tSlánaitheora ar Shráid Dorset i lár Bhaile Átha Cliath.
Bhog sé go Sheffield i Sasana agus é cúig bliana d'aois, chun traenáil i spórtlann Brendan Ingle. Bhí sé de sprioc aige bonn óir a bhuachan sna Cluichí Oilimpeacha, agus mar thoradh shéan sé roinnt tairiscintí gairmiúla.
Tháinig sé ar ais go hÉirinn agus é 20 bliain d'aois chun an Ardteistiméireacht a dhéanamh in éineacht leis na scoláirí eile i nDún Búinne. Tá cónaí ar a thuismitheoirí san Uaimh, i gContae na Mí. Gortaíodh go dona sa tsúil é ag tús a fhichidí, ach tháinig sé ar ais chun coirn uile-Éireann a bhuachan idir na blianta 2006 agus 2008, ag meánmheáchan.
Shínigh sé conradh gairmiúil leis an dtionsnóir Sasanach Frank Maloney i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2008, agus bhuaigh sé a chéad troid ag an leibhéal seo i mBaile Átha Cliath in aghaidh Georgi Iliev ar an 18 Nollaig. Mar a dúirt Maloney ar an oíche seo, "Sílim go bhfuil réalta ceart aimsithe againn anseo anocht, agus níl ann ach tús le turas fada".
Bhuaigh sé a thrí throid eile chomh maith, i gcoinne Siarhei Navarka (Wigan, Sasana, ar an 9 Márta 2009), Vepkhia Tchilaia (Stoke, Sasana, ar an 29 Meitheamh 2009) agus Gennadiy Rasalev (Londain, Sasana). Bhí sé chun troid arís in aghaidh Tony Jeffries sa Seabum Centre i Sunderland Shasana i mí Dheireadh Fómhair 2009.
TagairtíCuir in Eagar
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |