David Tweed

imreoir rugbaí agus polaiteoir Éireannach

Polaiteoir Aontachtach agus gníomhaí aontachtach ab ea David Tweed,Davy Tweed (13 Samhain 195928 Deireadh Fómhair 2021).

David Tweed
Saol
Eolas breitheBaile Monaidh, 13 Samhain 1959
NáisiúntachtAn Ríocht Aontaithe
BásDún Sobhairce, 28 Deireadh Fómhair 2021
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmimreoir rugbaí agus polaiteoir
Conair
  Foireann Comórtas
- Ballymena R.F.C. (en) Aistrigh
-IRFU flag.svg  Rugbaí na nUladh
1995-1995IRFU flag.svg  Foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann (8)
Ionad nó speisialtachtlock (en) Aistrigh
Meachán114 kg
Airde199 cm
BallraíochtAn tOrd Oráisteach

Bhí obair ag Tweed mar phreabaire agus doirseoir slándála ar feadh na mblianta.

RugbaíCuir in Eagar

D'imir Tweed ar cheithre ócáid i 1995 d'fhoireann rugbaí na hÉireann.

PolaiteoirCuir in Eagar

Iarbhall den Ord Oráisteach a bhí ann. Chaith sé seal ina chomhairleoir áitiúil sa Bhaile Meánach.[1] ar son an DUP. Toghadh é sna blianta 1997, 2001 agus 2005. Toghadh é in 2010 ar son pháirtí an Glór Traidisiúnta Aontachtach.

Feachtas seicteach in aghaidh an phobail Chaitlicigh i Harryville. Leagadh Our Lady Church in 2012

Feachtas seicteachCuir in Eagar

Bhí ainm Tweed in airde i 1996 as an bpáirt a ghlac sé san fheachtas seicteach in aghaidh an phobail Chaitlicigh i Harryville ar an mBaile Meánach.[2] Bhí Tweed i measc slua dílseoirí a dhéanadh imeaglú gach tráthnóna Dé Sathairn - agus laethanta eile - ar dhaoine a bhí ag dul ar Aifreann sa séipéal Caitliceach ansin.

Trí bliana a mhair an feachtas fuatha áirithe sin. Rinneadh loitiméireacht ar an séipéal go minic freisin.[1] Leagadh Our Lady Church in 2012.

PéidifileachCuir in Eagar

In 2012, ciontaíodh Tweed i mí-úsáid ghnéis a dhéanamh ar leanaí idir 1988-1996.[3] Ach ceithre bliana ina dhiaidh sin, scaoileadh saor é ó phríosún ar phointe teicniúil dlí agus cuireadh a chiontú ar ceal.[1]

BásCuir in Eagar

Maraíodh Tweed i dtionóisc bhóthair i gCo Aontroma ar 28 Deireadh Fómhair 2021. Bhí sé ag tiomáint gluaisrothair nuair a d'imigh sé den bhóthar i nDún Sobhairce i dtuaisceart an chontae ag thart ar 16.30.[4]

Dúirt ceannaire an pháirtí sin Jim Allister gur údar mór bróin bás Tweed.[1]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTÉ (2021-10-29). "Gníomhaí aontachtach, iarimreoir rugbaí Davy Tweed básaithe" (as ga). 
  2. Press Association. "Former Ireland rugby international David Tweed dies in motorbike crash" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2021-11-01.
  3. "Davy Tweed" (as en) (2021-10-30). Wikipedia. 
  4. "David Tweed: Former councillor dies in motorcycle crash" (en-GB). BBC News (2021-10-29). Dáta rochtana: 2021-11-01.