Dearbhfhorghaill Ní Chonchúir

bean uasal Éireannach

Bhí Dearbhfhorghaill Ní Chonchúir (d’éag 1316) ar an mbeagán ban a luaitear sna hAnnála i dtaca le creachadh agus le ruathar. Rudaí eile a tharraingíonn moladh ar mhná sna hAnnála de ghnáth - carthanacht, cráifeacht, dílseacht agus féile.[1] Is iad na fir a mholtar as crógacht agus as dúil i gcomhrac.[2]

Infotaula de personaDearbhfhorghaill Ní Chonchúir
Beathaisnéis
Bás1316
Teaghlach
CéileAodh Ó Domhnaill Cuir in eagar ar Wikidata

Iníon Mhaghnusa Ní Chonchúir ba ea Dearbhfhorghaill agus í pósta le hAodh Ó Domhnaill, rí Thír Chonaill. Deir Annála Loch Cé gur áitigh sí ar Aodh críoch Chairbre (i Sligeach) a mhilleadh. Bhailigh sí féin gallóglaigh agus ceithearnaigh de chuid Chlann Mhuircheartaigh agus rinne creachadh ar eaglaisí Dhroim Chliabh.

1315: Aodh Ó Domhnaill rí Thíre Chonaill, do theacht i gCairbre, agus críoch Chairbre uile do mhilleadh leis trí chomhairle a mhná .i. iníon Mhaghnusa Uí Chonchúir; agus dul di féin mar aon lena bhfuair sí de ghallóglachaibh agus de Chlainn Mhuircheartaigh faoi theamplaibh Dhroma Chliabh, agus mórán de chléiribh agus de chomharbaibh Dhroma Chliabh do argain léi inti in hoc anno.[3]

Ina theannta sin, deir Annála na gCeithre Máistrí gur fhostaigh sí gallóglaigh chun Ruairí mac Dhomhnaill Uí Chonchúir a mharú.

1315: Ruairí mac Dhomhnaill Uí Chonchúir do mharbhadh le ceitheirn Gallóglach ar fhoráileamh Dhearbhfhorghaille iníne Mhaghnusa Uí Chonchúir a thug urfhochraig dóibh air.[4]

Luaitear 1316 mar bhliain a báis.[4]

Nótaí cuir in eagar

  1. Ní Dhonnchadha, Máirín (eag.), “Courts and Coteries II” in Angela Bourke (eag.), Field Day Anthology of Irish Writing IV: lch 331. NYU Press, 2002.
  2. Connellan, Owen. The Annals of Ireland Translated from the Original Irish of The Four Masters. Dublin: Bryan Geraghty, 1846. Maíonn an Conallánach sa réamhrá go bhfuil cuntas na nAnnála ar mhuintir na hÉireann “particularly rich in accounts of their military affairs, their forces and arms, their heroes and warriors, their battles and victories”.
  3. Annála Loch Cé, LC1315.21: CELT: The Corpus of Electronic Texts: https://celt.ucc.ie/published/G100010A/index.html. Leasú beag déanta ar an litriú.
  4. 4.0 4.1 M1315.6: CELT: The Corpus of Electronic Texts: https://celt.ucc.ie/published/G100005C/index.html. Leasú beag déanta ar an litriú.