Deborah Moffatt
File de bhunadh Meiriceánach a scríobhann i mBéarla agus i nGaeilge na hAlban is ea Deborah Moffatt.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Norwich, Vermont |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | The Putney School (en) Ollscoil Bhostúin Ollscoil Washington |
Áit chónaithe | Kingsbarns (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file, ceoltóir |
Teangacha | Gaeilge na hAlban agus Béarla |
Suíomh gréasáin | deborahmoffatt.com |
Rugadh agus tógadh í in Vermont i Meiriceá. Fuair sí céim ó Ollscoil Washington le BA i Spáinnis agus i gCumarsáid agus MSc i gCumarsáid ó Ollscoil Bhostúin. Chaith sí roinnt blianta i Meiriceá Theas, ag obair mar iriseoir san Airgintín, in Uragua agus i Meicsiceo, áit ar ceapadh í ina hEagarthóir Airgeadais ar The News i gCathair Mheicsiceo. In 1982 chuir sí fúithi in Albain agus tá sí ina cónaí i bhFíobha ó shin.[1]
Is ceoltóir traidisiúnta í, agus cumann sí filíocht i mBéarla agus i nGaeilge. Bhain sí duaiseanna sa dá theanga, agus ghnóthaigh sí duais dhá uair ag Feis Leabhar Bhaile na h-Ùige. Tá trí chnuasach filíochta foilsithe aici, dhá cheann i mBéarla agus ceann i nGaeilge. Tá ficsean dá cuid foilsithe i ndíolamaí le Bloomsbury, Faber, Harper Collins agus Virago.[2]
Filíocht
cuir in eagarSliocht as “Air Acair’’:
- ...’s sin thu, a’ coimhead air an sgàthan,
- a’ coimhead air d’ aodann fhèin
- mar nach eil fios agad cò thu
- no cò às a thàinig thu,
- ...’s sin thu, a’ coimhead air an sgàthan,
- iargaltas na tìre air do chùlaibh,
- aodann na h-aibheis air do bheulaibh,
- sàl nad fhuil, ùir nad chnàmhan,
- an làr a’ tulgadh fo do chasan.
- iargaltas na tìre air do chùlaibh,
Foilseacháin
cuir in eagar- Eating Thistles (Ripon: Smokestack Books, 2019)
- Far From Home (Béal Feirste: Lapwing, 2004)
- Dàin nan Dùil (Inbhear Nis: CLÀR, 2019).