Deirdre Ní Choistín

ard-stiúrthóir TG4

Is í Deirdre Ní Choistín an chéad Ard-Stiúrthóir eile ar TG4 í (arb as Cill Dara ó dhúchas di). Tá Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont ag éirí as an bpost in Aibreán 2025.

Infotaula de personaDeirdre Ní Choistín
Gníomhaíocht
Gairmstiúrthóir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Thosaigh Ní Choistín ag obair le TG4 sa bhliain 1999. Mar léiritheoir agus mar stiúrthóir a bhíodh sí ag obair den chuid is mó agus baint aici le cláir amhail 7Lá, Comhrá, Róisín agus Léirmheas Leabhar. D'éirigh sí ansin ina bainisteoir cumarsáide. Ba í a chuir tús leis an ardán ar líne Molscéal in 2017.

In 2022 ceapadh í ina cheannasaí nuachta. B’in an chéad uair go raibh ceannasaí nuachta dá leithéid ag TG4 a fhaigheann a soláthar nuachta agus cúrsaí reatha ó RTÉ. Is é mian TG4 go mbeadh neamhspleáchas bainte amach dá seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha faoi Mheán Fómhair 2025.

Tá Ní Choistín pósta ar Bhreandán Ó Conláin, as an Spidéal, agus tá ceathrar mac acu, Finian, Fiachra, Darach agus Éanna agus cónaí orthu ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Féach freisin

cuir in eagar