Alan Esslemont

feidhmeannach Albanach, Ard-Stiúrthóir TG4

Is Ard-Stiúrthóir ar TG4 é Alan Esslemont (in Albain a rugadh é in 1956/57).

Infotaula de personaAlan Esslemont
Beathaisnéis
BreithBràigh Mhàrr Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Dhún Éideann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
FostóirOllscoil na Gaillimhe
TG4
Telegael
BBC Alba Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban


LinkedIn: alan-esslemont-a84a1918a Cuir in eagar ar Wikidata

Tús a shaoil

cuir in eagar

Albanach ó dhúchas é Esslemont. Is as Bràigh Mhàrr i nGarbhchríocha na hAlban é.[1]

Bhronn Ollscoil Dhún Éideann BA sa bhFraincis air agus fuair sé MBA ón Open University. Idir 1979-1984, agus é sna fichidí, d’oibrigh Esslemont sa Fhrainc, san Eilvéis agus ar an Eilean Sgitheanach.

Bhog Esslemont go dtí Gaillimh sa bliain 1984[2], áit a d’oibrigh sé in Ollscoil na Gaillimhe, agus le Telegael, agus ansin Teilifís na Gaeilge.

Bhí sé ar dhuine d’fhoireann bhunaidh na cuideachta léiriúcháin, Telegael, i nGaeltacht Chonamara. I 1995 a ceapadh é ar fhoireann ardbhainistíochta Theilifís na Gaeilge agus bhí sé ina chisteoir ar Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann.[3]

Chaith sé seal mar Cheannasaí Ábhar le BBC ALBA sular tháinig sé ar ais go hÉirinn in 2016 le dul i mbun TG4.[4]

An lógó in 1999

Ba i bhfómhar na bliana 2016 a ghlac Esslemont stiúir ar TG4 nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Phól Ó Gallchóir. Le linn 2016/2017, chuir Esslemont deireadh leis na cláir a bhí á ndéanamh i stiúideo TG4 i mBaile na hAbhann — an clár Seó Spóirt san áireamh.[5]

Bhí bunú na scéime scannán Cine4[6] agus seoladh an chainéil nua do pháistí, Cúla4, i measc na rudaí is mó a bhí bainte amach ag Esslemont le linn a ré mar Ard-Stiúrthóir TG4. Chomh maith le sin, thug sé a ndúshlán siúd a chreid gur éileamh teoranta, cúng, a bhí ann d’ábhar craolta i nGaeilge. D’éirigh leis an meon forleathan sin a athrú, céim ar chéim chuig tuiscint úrnua ar an bpobal féachana, ar na slite ar fad ab fhóintí le freastal ar an bpobal sin, na hardáin dhigiteacha san áireamh.  Rinne sé cúram fós féin d’fhorbairt na cumadóireachta, d’éascaigh sé próiseas na cruthaitheachta agus chothaigh sé glúin óg san earnáil.[4] “Gach rud atá déanta againn, agamsa go pearsanta, is ag iarraidh ‘prestige’ a bhaint amach don Ghaeilge atá muid, mar sílim gurb é sin an uirlis is tábhachtaí atá ann,” a dúirt Esslemont in 2024.[1]

Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Esslemont in 2024.[7][8]

Thosaigh Esslemont ag foghlaim Gaeilge in aois a 26 bliana aige. Tá cónaí air i gCamus i gConamara le fada.[1]

Phós Esslemont Mary Meehan / Máire Ní Mhiochain agus tá cúigear clainne orthu.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 Ciarán Dunbar (2024-09-20). "Ceannasaí TG4: Ní mhairfidh an Ghaeilge gan Ghaeltacht | Irish Indepe…". independent.ie/seachtain. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-10-25. Dáta rochtana: 2024-10-25.
  2. "TG4’s Alan Esslemont: ‘We should have equal status with RTÉ if Irish is to flourish’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-10-24.
  3. Ollscoil na Gaillimhe (2023). "Fógraíonn Ollscoil na Gaillimhe Céimithe Oinigh 2023". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2024-10-24.
  4. 4.0 4.1 "Buaicghradam cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Alan Esslemont" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-10-23). Dáta rochtana: 2024-10-24.
  5. Maitiú Ó Coimín (27 Feabhra 2017). "‘Cogadh bréige’ ar bun idir RTÉ, TG4 agus BBC maidir le soláthar clár Gaeilge — Esslemont" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-24.
  6. comhfhiontar idir TG4, Fís Éireann agus Coimisiún na Meán
  7. Nuacht RTÉ (2024-10-23). "Buaic-Ghradam Cumarsáide le bronnadh ar Alan Esslemont" (as ga-IE). 
  8. Ollscoil na Gaillimhe (2023). "University of Galway announces 2023 Honorary Degree recipients". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2024-10-24.