Demyan Bedny

file Sóivéadach

B'fhile Rúiseach Sóivéadach, bolscaire agus aorthóir é Yefim Alekseevich Pridvorov (Rúisis: Пфи́м Алексе́е евич Придво́́ров, 13 Aibreán 1883–25 Bealtaine, 1945), a bhfuil aithne níos fearr air leis an ainm cleite Demyan Bedny.

Infotaula de personaDemyan Bedny

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ru) Ефим Алексеевич Придворов Cuir in eagar ar Wikidata
1 Aibreán 1883 (Iúlach)
Gubivka, An Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Bealtaine 1945
62 bliana d'aois
Moscó, An Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Novodevichy Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síFaculty of Philology of Saint Petersburg State University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht, litríocht agus iriseoireacht tuairimíochta
Gairmfile, iriseoir, pearsa phoiblí, scríbhneoir, iriseoir tuairime Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach an Aontais Shóivéidigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraVéarsa, fabhalscéal agus iriseoireacht tuairimíochta
Ainm cleiteДемьян Бедный Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Rúisis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Ghlac sé/sí páirt i
26 Iúil 1917 (Iúlach)6th Congress of the Russian Social Democratic Labour Party (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Musicbrainz: 00996c8f-89e9-4ebe-a753-f569ada27300 Find a Grave: 23752878 Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis

cuir in eagar

Rugadh Yefim Pridvorov do theaghlach bocht i sráidbhaile Hubivka, in Oblast Kherson, san Úcráin sa lá atá inniu ann. Nuair a bhí sé seacht mbliana d'aois, thóg a athair é chun cónaí leis in Elisavetgrad, ach sé bliana ina dhiaidh sin, cuireadh é ar ais go dtí a sráidbhaile duchais chun cónaí lena mháthair "ar an anás ".[1] Nuair a bhí sé 14 bliana d'aois, chláraigh a athair é i gcoláiste oiliúna feldsher i gCív, agus ina dhiaidh sin ceithre bliana de sheirbhís mhíleata. Sa bhliain 1904 chuaigh sé isteach i ndámh na fealsúnachta agus na staire in Ollscoil Chathair Pheadair. Tharla go raibh a bhlianta ollscoile ann ag an am corraitheach céanna le Réabhlóid na Rúise, sa bhliain 1905; réabhlóid a d'aontaigh Pridvorov, cosúil le formhór na mac léinn eile, leis. Sa bhliain 1911, thosaigh sé a bheith foilsithe i nuachtáin chumannacha ar nós Pravda, agus sa bhliain 1912, chuaigh sé isteach i bPáirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre sa Rúise (Boilséivigh). Chomh maith leis sin sa bhliain 1911, d'fhoilsigh sé an dán "О Демьяне Бедном" (Gaeilge:Faoi Demyan Bedny) rud a d'fhág go raibh an t-ainm sin air, agus thosaigh sé comhfhreagras príobháideach le Vlaidímír Leinín a dúradh go bhforbródh sé ina chairdeas pearsanta fadtréimhseach. Foilsíodh a chéad cnuasach san iris Basni (Gaeilge:Fabhalscéalta) i 1913. Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, chonaic sé seirbhís arís mar oibrí paraimhíochaine (Rúisis;фельдшер) agus shaothraigh sé go leor gradam.

  1. "Bolsh'shaya Sovetskaya Entsiklopediya" (1927) 5: 171.