Derek "Pluto" Moireach
Is láithreoir raidió agus teilifíse é Derek 'Pluto' Moireach (Béarla: Derek Murray), a oibríonn go príomha i gcláracha Gaelacha.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Nis |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Sabhal Mòr Ostaig (1990–1991) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | pearsa raidió, láithreoir teilifíse |
Fostóir | BBC Scotland |
Teangacha | Gaeilge na hAlban agus Béarla |
Tá sé mar phríomh-láithreoir sacar Radio nan Gàidheal ó 2007. Chlúdaigh sé feachtas Chorn an Domhain, na babhtaí réamhchomórtais do EUFA, agus cluichí san Eoraip. Is tráchtaire spóirt é freisin don stáisiún teilifíse Gaeilge na h-Alban BBC Alba, agus ó am go chéile i mBéarla do Sportsound ar BBC Radio Scotland . Bhí sé ina thráchtaire spóirt ar an chlár nuachta An Là, agus ar An Caman, sraith ar bhuaicphointí camanachda a craoladh i 2007. Ainmníodh é mar ‘Láithreoir Raidió na Bliana’ ag Féile na Meán Ceilteach i 2008.[1]
Sna 1990idí, bhí Derek le feiceáil sa tsobaldráma Gaelach Machair, ina ghlac sé páirt Iain MacÌomhair. I 1993-1994 bhí sé mar chuid den phríomh-chliar sa tsraith theilifíse grinn Ran Dan, agus arís i 2003-2004 sa tsraith Back on the Ran Dan . I 2011 chuir sé féin agus Emma NicAonais an tsraith BBC Alba Siuthad! Siubhal!, inar thaistil siad ar fud na hAlban ag baint triail as gníomhaíochtaí turasóireachta neamhghnácha.[2]
Is as Nis ar Leòdhas é Derek. Bhí sé ina mhac léinn ag Sabhal Mòr Ostaig ó 1990 go 1991, agus ina dhiaidh sin ina phóilín le Póilíní Shrath Chluaidh . Tugann sé tacaíocht do Camanachd Leòdhais.
Cuireann sé a chlár ceoil féin, Siubhal gu Seachd le Pluto, i láthair gach tráthnóna Luan go Déardaoin ó 5.30in go 7in ar Radio na Gàidheal.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ http://www.celticmediafestival.co.uk/show-winners/6 Curtha i gcartlann 2015-07-02 ar an Wayback Machine, A’ tarraing air 2015-06-19
- ↑ http://www.bbc.co.uk/programmes/b01mx2y6
- ↑ http://www.bbc.co.uk/programmes/b007jdfw