Die Verwandlung (An Claochlú)

Is úrscéal le Franz Kafka é Die Verwandlung (An Claochlú) a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1915. Ceaptar gurb é ceann de na húrscéalta is fiúntaí dár scríobhadh sa 20ú haois. Déantar staidéar air go forleathan in ollscoileanna.

WD Bosca Sonraí LeabharDie Verwandlung
(de) Die Verwandlung
(az) Čaʾūrīlma
(da) Forvandlingen
(fo) Umskapanin
(ja) Henshin
(nb) Forvandlinga
(sv) Förvandlingen
(hu) Az átváltozás
(it) La metamorfosi
(fr) La Métamorphose
(fa) Masḫ wa Grākūs šikārčī
(eu) Metamorfosia
(sq) Metamorfoza
(bg) Metamorfozata
(fi) Muodonmuutos
(uk) Perevtilennja
(sr) Preobražaj
(hr) Preobrazba
(mk) Preobrazba
(ru) Prevraščenie
(pt) A metamorfose
(es) A metamorfosis
(zh) Bian xing ji
(ko) Byeonshin
(nl) De gedaanteverwisseling
(tr) Deĝişim
(el) Ē metamórphōsē
(en) The metamorphosis
(ca) La metamorfosi
(ar) Risāla ilā al-wālid
(is) Umskiptin
(cs) Proměna
(ml) Rupataraprapti
(ur) Kāyā kalap Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarFranz Kafka Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghearmáinis Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánLeipzig Cuir in eagar ar Wikidata, An Ostair-Ungáir agus an Ostair, 1915
1915 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh17 Samhain 1912
EagarthóirFranz Kafka Cuir in eagar ar Wikidata
Foilsithe iDie Weißen Blätter Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánralitríocht eipiciúil, litríocht éigiallta agus litríocht corpuafáis Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Taispeánann sé/síathrú crutha Cuir in eagar ar Wikidata
Gluaiseachteiseachas Cuir in eagar ar Wikidata

An Scéal cuir in eagar

 

Tosaíonn an scéal le díoltóir taistil, Gregor Samsa, agus ag dúiseacht dó ar maidin chinniúnach, is léir dó go bhfuil sé aistrithe ina chiaróg ghránna thar oíche. De réir dealraimh, níl Gregor in ann é féin a chuir in iúl mar ba ghnách, ach tá tuiscint agus mothúcháin fágtha aige.

De réir mar a thiteann sé amach cuirtear ar an eolas muid go bhfuil Gregor freagrach as ioncam ar fad an teaghlaigh a shaothrú. Is iad baill an teaghlaigh ná a thuismitheoirí agus a dheirfiúr. Tá fiacha ag a athair don chomhlacht ina bhfuil Gregor fostaithe sa chaoi go bhfuil ar Gregor obair leis gan faoiseamh. Díreach tar éis chlaochlaithe, tá Gregor thar a bheith buartha faoina chuid oibre agus é faoi chomaoin ag an bhfostór. Ar dtús caitheann an teaghlach go maith leis agus go háirithe a dheirfiúr.

 
leagan le Tatjana Hauptmann

Le himeacht ama éiríonn eatarthu agus faoi dheireadh goineann an t-athair an chiaróg le húll a chaitheann sé leis. Sa ghéarchéim airgeadais a leanann, faigheann chuile bhall den teaghlach obair fhiúntach.

Ach de réir dealraimh tá rudaí ag dul in olcas do Ghregor agus séanann sé rud ar bith a ithe de bharr ísle brí agus na gona a d'fhulaing sé ón úll.

Ag pointe suntasach san úrscéal, deir an deirfiúr nach féidir leo glacadh le Gregor mar bhall den theaghlach níos mó. Téann rudaí in olcas do Ghregor agus faigheann sé bás i ndeireadh thír thall.

Díreach tar éis bás Ghregor, fágann an triúr eile an teach le chéile den chéad uair ó tharla an claochlú agus braitheann siad nach bhfuil rudaí chomh dona sin leo. Agus na tuismitheoirí ag breathnú ar a n-iníon, mothaíonn siad go bhfuil sí go breá sláintiúil dathúil agus é in am di pósadh.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar