Ealaíontóir ab ea Diego Rivera (1886-1957). Tá cáil inniu go háirithe ar a bhean, Frida Kahlo. Is beirt ollmhór iad i saol na healaíne idirnáisiúnta agus féachtar orthu mar cheannrodaithe in ealaín nua-aoiseach Mheicsiceo, agus bhí gaol láidir acu lena dtír dhúcháis.[1]

Infotaula de personaDiego Rivera

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(es) Diego María de la Concepción Juan Nepomuceno Estanislao de Rivera y Barrientos Acosta y Rodríguez
8 Nollaig 1886
Cathair Guanajuato, Meicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Samhain 1957
70 bliana d'aois
Coyoacán, Meicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Áit adhlacthaRotonda de las Personas Ilustres (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteBarrientos, Diego María Rivera Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAindiachaí
Scoil a d'fhreastail sé/síAcademy of San Carlos (en) Aistrigh (1896–1907)
Acadamh na nEolaíochtaí
Los Angeles Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht
Suíomh oibre Cathair Mheicsiceo
Brugge
Páras
An tAontas Sóivéadach
Detroit, Michigan
San Francisco
Nua-Eabhrac
An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmmúrmhaisiú Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraSocial-artistic project (en) Aistrigh
GluaiseachtRéalachas sóisialta agus Mexican muralism (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidOctave Denis Victor Guillonnet
Mac/iníon léinnRudolf Hess, Yohanan Simon, Rina Lazo, Ernesto Ríos, Laura van Pappelendam agus Victor Arnautoff
TeangachaAn Spáinnis
GníomhaireArtists Rights Society
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileAngelina Beloff (1911–1921), colscaradh
Guadalupe Marín (1922–1927), colscaradh
Frida Kahlo (1929–1939), colscaradh
Frida Kahlo (1940–1954), bás a c(h)éile
Emma Hurtado (1955–1957), bás Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMarika Rivera
 ( Marie Vorobieff (en) Aistrigh)
Ruth Rivera Marín
 ( Guadalupe Marín)
Guadalupe Rivera Marín
 ( Guadalupe Marín) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0729243 Discogs: 2386608 Find a Grave: 18404 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Rugadh Rivera ar an 8ú lá de mhí na Nollag, 1886, i gcathair Guanajuato i lár Mheicsiceo.

Bhí saol crua agus athair foréigneach aige agus é ní b'óige. Dá bhrí sin, d’fhás sé ina fhear foréigneach freisin. Bhí a lán páistí aige freisin ach níor fhán sé i dteagmháil leo.

Fuair Diego Rivera a chuid oiliúna san Eoráip. Chuaigh sé go dtí an Fhrainc i 1920. Bhí tionchar ag ealaín nua-aoiseach agus ciúbachas air. Ag an am céanna, bhí an-suim aige sa pholaitíocht, go mór mhór sa Chumannachas.

Diego Rivera agus a bhean chéile Frida Kahlo i 1932

D’fhill Rivera ar Mheicsiceo agus sna 1920idí.

Bhí an-suim ag Rivera sa pholaitíocht, go mór mhór sa Chumannachas. Agus é ag freastal ar chóisir de chuid na gCumannaithe sa bhliain 1927, bhuail sí le péintéir eile, Frida Kahlo. Phós siad i mí Lúnasa, 1929[2]

Bhí saol teasaí neamhghnách ag an bheirt. Cé go raibh siad i ngrá le chéile, chaith siad a lán ama ag troid lena chéile. Mhol Diego do Kahlo éadaí traidisiúnta ó Mheicsiceo a chaitheamh, agus chaith sí a saol go léir sna héadaí seo.[3]

Ba láidir an caidreamh a bhi eatarthu ach bhí sé casta fosta agus suaite agus conspóideach go minic. Dúirt Kahlo go raibh dhá mórthaisme aici ina saol; an taisme bóthair a d’fhág a colainn briste agus Diego Rivera. D’admhaigh sise, áfach, gurbh é Rivera an taisme ba mheasa.[3]

D’fhág bás a mhná, Frida, croíbhriste é agus fuair sé féin bás 3 bliana ina dhiaidh sin, i 1957.

Ealaín cuir in eagar

Tá stíl láidir uathúil ag Rivera.

Bhí Rivera ina bhall de ghluaiseacht múrmhaisiú Mheicsiceo, gluaiseacht ealaíonta intleachtach a thug tacaíocht don fheachtas ar son comhionannais do mhuintir dhúchais na tíre.

Ba é an tréimhse seo a chuir dlús lena shaol mar ealaíontóir suntasach tábhachtach. Thosaigh sé ar aicme nua péinteireachta inar úsáid sé móitífeanna dúchasacha cosúil le mná lena bpáistí mar ábhair. Tá samplaí den chineál seo le feiceáil i ‘Modesta’ (1937) agus ‘Cailín le Lámhainní’ (1943).[1]

Chruthaigh sé an múrmhaisiú in Ollscoil Mheicsiceo. Tá an múrmhaisiú seo fós ann.

Oidhreacht cuir in eagar

Is féidir a phictiúir agus a mhúrmhaisithe a fheiscint i Meicsiceo, sa Fhrainc agus sna Stáit Aontaithe.

Is féidir cuairt a thabhairt ar an teach ina raibh cónaí air i gCathair Mheicsiceo inniu, 'Casa Frida Kahlo'.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Ciara Nic Gabhann (Bealtaine 2011). "Frida Kahlo agus Diego Rivera in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-07-13.
  2. "Frida Kahlo: identity in art" (en-GB). www.europeana.eu. Dáta rochtana: 2022-07-13.
  3. 3.0 3.1 Ciara Nic Gabhann (Bealtaine 2011). "Frida Kahlo agus Diego Rivera in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-07-13.
  4. Seanán Ó Coistín. "Meicsiceo Molfach Oscailt súl, down Mexico way..." (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-07-13.