Dobharbhordáil
Is foirm chéasta é dobharbhordáil, a cuirtear i bhfeidhm tríd an t-íospartach a chur ar neamhfheidhm ar a dhroim nó droim leis an gceann claonta, agus ansin uisce a dhoirteadh thar aghaidh an duine agus isteach sna pasáistí análaithe, ag tabhairt le fios don chime go bhfuil sé nó sí ag fáil bháis.[1]
Is cúis le plúchadh éigeantach agus ionanálú uisce an tuairim láidir a thagann ar an chime go bhfuil sé no sí i mbaol báite.
Measann saineolaithe dlí, polaiteoirí, oifigí faisnéise, breithiúna míleata, saineolaithe leighis i gcóireáil d'íospartaigh an chéasta, eagraíochtaí cearta daonna, agus seansaighdiúirí gur fhoirm an chéasta é an dobharbhordáil.
Arm na Breataine
cuir in eagarTháinig tuarascálacha chun cinn sa bhliain 2009 gur bhain Arm na Breataine úsáid as dobharbhordáil le linn diancheistithe príosúnach a bhí faoi amhras i dTuaisceart Éireann. Tá líomháint ann gur úsáideadh dobharbhordáil ó Mhárta 1972 ar aghaidh, i ndiaidh Rialtas Ted Heath teacht chun críche. Chuir an Príomh-Aire Heath cosc ag an am sin ar chúig modh eile chéasta. Dúirt iaroifigeach na Muirshaighdiúirí Ríoga freisin go raibh dobharbhordáil triailte air agus a bhfear ag deireadh oiliúnana i bhfrith-diancheistiú i rith na 1960idí agus go luath sna 1970idí.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Safire, William. Safire's Political Dictionary, page 795 (Oxford University Press 2008): “Waterboarding. A form of torture in which the captive is made to believe he is suffocating to death under water.”
- ↑ "British army 'waterboarded' suspects in 70s" (en). the Guardian (2009-12-21). Dáta rochtana: 2020-07-12.