Domhnach Míde
Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Domhnach Míde[1] (Béarla: Donaghmede). Cruthaíodh an ceantar cónaithe le linn na 1970idí, don chuid is mó as an bpíosa intíre de Bhaile Dúill agus le píosaí talún eile ón Chúlóg agus ó Rath Éanaigh. Tá lárionad siopadóireachta ann, chomh maith le fothrach séipéil stairiúíl Mainistir na Gráínsí. Tá an ceantar faoi dhlínse Chomhairle Cathrach Baile Átha Cliath.
Domhnach Míde | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Iar-eintiteas críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | |||
Cathair mhór | Baile Átha Cliath | |||
Logainm.ie | 1166029 |
Gaeilge
cuir in eagarCraoladh ar an 30 Bealtaine 1986 tuairisc ar RTÉ faoin mborradh a bhí faoin nGaeilge i nDomhnach Míde, tuairisc atá ar fáil anois ar Chartlann RTÉ.[2] Sna 1980idí, d’éirigh le ceannairí ghluaiseacht na Gaeilge sa cheantar feachtas, a raibh rath air, a chur ar bun le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa bhruachbhaile bríomhar. Ba é an múinteoir Liam Bairéad agus roinnt tuismitheoirí ón scoil lán-Ghaeilge nuabhunaithe, Scoil Bhríde, a thosaigh an feachtas. D'fhás gluaiseacht Gaeilge sa cheantar as an scoil sin.[3] D'imigh an fuinneamh sa ghluaiseacht i léig sna 1990idí.
Féach freisin
cuir in eagar- Scoil Bhríde, Domhnach Míde
- Mainistir na Gráinsí, Domhnach Míde
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Domhnach Míde/Donaghmede | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Shopping In Irish" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2024-05-30.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (30 Bealtaine 2016). "FÍSEÁN: Bláthú na Gaeilge i nDomhnach Míde tríocha bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-30.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |