Domhnall Ó Lubhlaí
I bhfógra báis Dhomhnall Uí Lubhlaí (26 Aibreán 1930 i Nua-Eabhrac - 20 Márta 2013 sa Mhuileann gCearr) dúradh gur ‘Gaeilgeoir, múinteoir, oideachasóir, údar, Poblachtánach’[1] ab ea é.[2] Péidifileach cruthanta ba é chomh maith.[3] Níor ciontaíodh Ó Lubhlaí ariamh as na hionsaithe gnéis a cuireadh ina leith cé gur cuireadh ar a thriail é i nDeireadh Fómhair na bliana 2002.[4][5] Thit an triail sin as a chéile de bharr mhoilleadóireacht an stáit agus fianaise a bheith caillte ag na Gardaí.[6]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 26 Aibreán 1930 Nua-Eabhrac, New York |
Bás | 20 Márta 2013 82 bliana d'aois An Muileann gCearr, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | múinteoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Dúirt Ó Lúbhlaí nárbh ann do aon leagan Béarla dá ainm. Ainm Gaeilge a bhí aige nárbh fhéidir a aistriú ar aon bhealach, nó sin a mhaígh sé.
Beatha
cuir in eagarIs i Nua-Eabhrac a rugadh Domhnall Ó Lubhlaí ar 26 Aibreán 1930. D’fhill an teaghlach ar a mbaile dúchais, an Muileann gCearr, Co. na hIarmhí, sa bhliain chéanna agus b’ann a tógadh é féin agus a dheirfiúr.[3]
Gairm
cuir in eagarBriseadh Ó Lubhlaí as a phost mar mhúinteoir i dTiobraid Árainn é sna caogaidí agus dúradh gur "de bharr a chuid gníomhaíochta sa ghluaiseacht Phoblachtánach" a tharla sin.
Timpeall an ama céanna, chuaigh sé chun na hÉigipte, áit ar oibrigh sé i gcathair Alexandria.[7]
Chaith sé deich mbliana ag obair ag Gael Linn, idir 1958-1968. Ceapadh ina mhúinteoir Gaeilge é i gColáiste Chilliain i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath, i mí Mheán Fómhair 1971. Chaith sé seal fostaithe ag an Roinn Oideachais ag ullmhú lámhleabhair do mhúinteoirí (Múineadh labhairt na Gaeilge i gColáistí Samhraidh, 1976).[3]
Gaeilgeoir
cuir in eagarBa é a bhunaigh Coláiste na bhFiann - in 1968 - agus Cumann na bhFiann. Bhí rath as cuimse ar Choláiste na bhFiann le linn na 1970idí agus 1980idí,[3] Nuair a bhunaigh Ó Lúbhlaí an Coláiste, ba é an teoiric a bhí aige go raibh cuid de na coláistí samhraidh a bhí ann "róbhog"; theastaigh tumadh iomlán sa teanga lena chinntiú go bhfoghlaimeodh daoine "i gceart" í.
Bhí Ó Lubhlaí ina Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge sna 1970idí. Cuireadh an Lubhlaíoch i bPríosún Luimnigh ar an 3 Eanáir 1977 mar gur dhiúltaigh sé íoc as ticéad pairceála i mBéarla a tugadh dó.[7]
I lár na 1980í d’fhág Ó Lubhlaí Coláiste na bhFiann le Tearmann Lir a bhunú gar don Mhuileann gCearr. Cineál brú óige agus "tearmann" do lucht na Gaeilge agus d’fhoghlaimeoirí a bhí ann.
Mar chomhartha aitheantais agus ómóis dó as a raibh déanta aige ar son na teanga i rith na mblianta, bhronn Cathaoirleach Bhord na Gaeilge, Mícheál Ó Muircheartaigh, gradam speisialta air.[8][9]
Péidifileach
cuir in eagarIn 1991, i dtrátha an ama a bhí sé éirithe as an mhúinteoireacht, tháinig fear óg chuig Ó Lubhlaí ag iarraidh dúmhál a dhéanamh air as ionsaithe gnéis, a dúirt sé, a bhí déanta ag Ó Lubhlaí air. Chuaigh Ó Lubhlaí chuig na Gardaí i gCluain Dolcáin agus moladh dó bualadh leis an fhear arís agus an comhrá a thaifeadadh. Lean Ó Lubhlaí comhairle na nGardaí agus ba é an toradh a bhí ar an eachtra gur tugadh rabhadh don fhear óg as iarracht ar dhúmhál a dhéanamh.
Cuireadh Ó Lubhlaí ar a thriail i nDeireadh Fómhair na bliana 2002. Cuireadh 56 cúis ina choinne a bhain le hionsaithe mígheanasacha, bugaireacht agus iarracht ar bhugaireacht a dhéanamh ar 11 buachaill thar thréimhse 30 bliain nó níos mó. Rinne Ó Lubhlaí gearán go raibh duine dá chuid íospartach ag déanamh dúmháil air agus rinne Gardaí Chluain Dolcáin taifead ar chomhrá eatarthu in 1991 inar éilíodh airgead ón Lubhlaíoch. Cailleadh nó loiteadh an taifead seo a dúradh le linn na trialach i 2002 agus bheadh sé deacair ar Ó Lubhlaí é féin a chosaint dá uireasa.[7] Thit an triail as a chéile de bharr na moille a bhain leis agus toisc gur chaill na Gardaí fianaise.[4]
Fiosrucháin
cuir in eagarSna seachtainí i ndiaidh a bháis ar 20 Márta 2013, craoladh míreanna fada faisnéise ar Nuacht TG4, RTÉ agus RnaG faoi na líomhaintí a rinneadh in éadan Uí Lubhlaí.[3] Bhí eagla ar na meáin aon rud a rá roimh a bhás.[10]
D’éiligh an Gréasán Géarchéime Éignithe go gcuirfí fiosrúchán ar bun mar gur léir nár thapaigh an Garda Síochána an deis an cás a fhiosrú go críochnúil nuair a tháinig sé chun solais i 1991 agus arís i 1998. Ach idir 2013-2020idí, dhiúltaigh na Gardaí agus an Roinn Dlí agus Cirt aon eolas a thabhairt do na fir a ndearna Ó Lubhlaí ionsaí orthu agus an fiosrúchán inmheánach a rinne siad faoin gcás. Dúirt Mary Lou MacDonald sa Dáil in 2014 go raibh sé “mind-boggling” nach raibh eolas faoin gcás á chur ar fáil d’íospartaigh Uí Lubhlaí agus go raibh an chuma ar an scéal go raibh “botched investigation” i gceist agus go raibh “botched cover-up” ann chomh maith.[11][12][13]
Foilseacháin
cuir in eagar- Múineadh labhairt na Gaeilge i gColáistí Samhraidh, 1976.
- Éire mar ba mhian le… (2011). d’fhoilsigh Ó Lubhlaí féin leabhar mór toirtiúil 1,277 leathanach. Ní raibh aon fhoilsitheoir sásta glacadh leis. Leadránach amach is amach is ea an leabhar.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Mhaígh sé féin i gcónaí gur chaith sé tréimhse i ngéibheann sa Churrach ach níl aon fhianaise ann a thabharfadh le fios go bhfuil sé sin fíor.
- ↑ "Death Notice of Domhnall Ó Lúbhlaí (Mullingar, Westmeath) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2024-09-22.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 "Ó LUBHLAÍ, Domhnall (1930–2013)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2024-09-23.
- ↑ 4.0 4.1 "Níl sé i gceist ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige bualadh le fir a ndearna Domhnall Ó Lubhlaí ionsaí gnéis orthu" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-11-09). Dáta rochtana: 2024-09-23.
- ↑ "Irish TV host and child camp founder Domhnall O Lubhlai never stood trial for 11 sexual abuse charges" (en). IrishCentral.com (2013-04-09). Dáta rochtana: 2024-09-23.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (25 Lúnasa 2015). "Breithiúnas íospartaigh ar dhráma nua faoi Dhomhnall Ó Lubhlaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-23.
- ↑ 7.0 7.1 7.2 "Ó Lubhlaí is a chúlra Poblachtánach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2014-11-27). Dáta rochtana: 2024-09-22.
- ↑ Uinsionn Mac Dubhghaill (D.F. 1998). "Iris Cuisle / Fócas na Míosa". homepage.tinet.ie. Dáta rochtana: 2024-09-23.
- ↑ Cuisle (D.F. 1998). "Coláiste na bhFiann". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Irish TV host and child camp founder Domhnall O Lubhlai never stood trial for 11 sexual abuse charges" (en). IrishCentral.com (2013-04-09). Dáta rochtana: 2024-09-23.
- ↑ "Éileamh le déanamh ar an Aire Dlí agus Cirt eolas na nGardaí faoi chás Dhomhnaill Uí Lubhlaí a chur ar fáil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-01-22). Dáta rochtana: 2024-09-23.
- ↑ Seán Tadhg Ó Gairbhí (27 Samhain 2014). "Eolas faoi chás Uí Lubhlaí diúltaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-23.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (12 Eanáir 2021). "‘Níl lá amháin nár smaoinigh mé air, nach raibh tionchar aige ar mo shaol’ – fulaingt íospartaigh Dhomhnaill Uí Lubhlaí nochta i gclár nua" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-23.