Is eagraíocht Ghaeilge do dhaoine óga í Coláiste na bhFiann (CnaF). Cuireann CnaF cúrsaí samhraidh Gaeltachta ar fáil do dhéagóirí.[1][2] Bhunaigh an péidifileach cruthanta, Domhnall Ó Lubhlaí, an eagraíocht sa bhliain 1968.

Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste na bhFiann
Sonraí
Cineálscoil samhraidh Cuir in eagar ar Wikidata

Thosaigh an eagraíocht i Ros Muc, Co. na Gaillimhe sa bhliain 1968 le seasca dalta. Bhí rath as cuimse ar Choláiste na bhFiann le linn na 1970idí agus 1980idí, tráth a tháinig méadú leanúnach ar líon na ndaltaí a d’fhreastail ar an choláiste. Cuireadh sonrú go háirithe sa dóigh a gcloífí go docht le riail an Bhéarla agus tugadh suntas fosta don leagan amach míleata a bhí ar imeachtaí an choláiste. Gné eile a bhain le fás Choláiste na bhFiann, an aicme nua ceannasaithe a bhíothas á cothú ann.[3]

Faoi dheireadh na 1980idí, bhí gar do dhá mhíle dalta ag freastal ar chúrsaí Choláiste na bhFiann in ionaid éagsúla ar fud na tíre.[3] Thar an daichead bliain1968-2008, d'fhreastail breis is caoga míle dalta ar chúrsa le CnaF.

De réir eagarfhocal Cuisle (Deireadh Fómhair 1998),[4][5] nuair a bhunaigh Domhnall Ó Lúbhlaí CnF, ba é an teoiric a bhí aige go raibh cuid de na coláistí samhraidh a bhí ann "róbhog"; theastaigh tumadh iomlán sa teanga lena chinntiú go bhfoghlaimeodh daoine "i gceart" í. Léiríonn líon na n-iardhaltaí a lean leis an teanga i mórán réimsí den saol cé chomh héifeachtach is a bhí an polasaí seo i rith na mblianta (féach thíos). Ach ba mhinic freisin a tharraing na coláistí drochmheas an phobail anuas orthu féin – agus ar ghaeilgeoirí i gcoitinne – toisc an bealach docht dolúbtha ina gcuirtí na rialacha i bhfeidhm.

Sa bhliain 1997, cuir i gcás, bhí raic mhór ann faoi chás Mhichelle Hartnett (17), as Baile an tSaoir, Baile Átha Cliath. B’amhlaidh go raibh an cailín ag ithe a bricfeasta lá nuair a lig sí sraoth aisti. Céard a dúirt sí ach excuse me lena compánaigh ag bord. Mheas lucht an choláiste gur abairt iomlán i mBéarla a dúirt sí agus cuireadh abhaile í. Bhí múisiam ar dhaoine faoi ghnéithe eile de chúrsaí Choláiste na bhFiann sna 1990idí. Manglam cumhachtach de "chúis na teanga", den chreideamh Caitliceach agus den phoblachtánachas a bhí ann ag an am.[4][5]

Sna 2020idí

cuir in eagar

Stiúrann Coláiste na bhFiann, i rith 2025, Coláistí Samhraidh i gCo. na Mí, Ros Muc (Co. na Gaillimhe), agus Gaoth Dobhair.[6]

Tá struchtúr traenála ceannasaíochta ag Coláiste na bhFiann a mhúineann forbairt sóisialta, freagracht agus neamhspleáchas do dhaoine óga.

Tá tríocha club óige ar a dtugtar Cumann na bhFiann timpeall na tíre a thugann deis do dhaltaí a cuid Gaeilge a chleachtadh i rith na bliana.[7] Bíonn imeachtaí agus turais as baile eagraithe do dhaltaí na gclubanna seo.

Iarscoláirí

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar
  1. ColaisteNaBhFiann.ie. "Eolas Fúinn". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-05-18. Dáta rochtana: 2008-02-14.
  2. cnb.ie (2024). "ColaisteNaBhFiann.ie" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-09-23.
  3. 3.0 3.1 "Ó LUBHLAÍ, Domhnall (1930–2013)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2024-09-23.
  4. 4.0 4.1 Uinsionn Mac Dubhghaill (D.F. 1998). "Iris Cuisle / Fócas na Míosa". homepage.tinet.ie. Dáta rochtana: 2024-09-23.
  5. 5.0 5.1 Cuisle (D.F. 1998). "Coláiste na bhFiann". Dáta rochtana: 2024.
  6. "Coláiste na bhFiann – Irish Summer Colleges" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-09-23.
  7. "Óg Chlubanna" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-09-23.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar