Droichead George Washington
Droichead crochta mór cruach trasna an Abhainn Hudson idir New Jersey agus Cathair Nua-Eabhrac is ea Droichead George Washington. Tugtar "the GW Bridge", "the GW(B)" agus "the George" air go neamhfhoirmeálta freisin. Ceanglaíonn sé Fort Lee, New Jersey, le Washington Heights, i dtuaisceart Manhattan. Tá dhá leibhéal ann, 14 lána san iomlán. Cuireadh tús lena thógáil i mí Deireadh Fómhair, sa bhliain 1927, agus osclaíodh é i mí Deireadh Fómhair na bliana 1931. Iompraíonn an droichead 106 milliún feithicil sa bhliain, rud a fhágann gurb é an droichead is gnóthaí ar domhan é.
Droichead George Washington | ||||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | George Washington | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Droichead crochta, droichead bóthair, droichead dola agus multi-level bridge (en) | |||
Ailtire | Othmar Ammann Cass Gilbert | |||
Innealtóir struchtúrach | Othmar Ammann | |||
Foirgníocht | 29 Lúnasa 1962 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 24 Deireadh Fómhair 1931 | |||
Croineolaíocht | ||||
Deireadh Fómhair 1927 – 24 Deireadh Fómhair 1931 | foirgníocht | |||
Tréith | ||||
Déanta as | cruach | |||
Líon na réise | 1 | |||
Tomhas | 184 () × 36 () × 1,450 () × 1,067 () m | |||
Trasnaíonn sé | Abhainn Hudson | |||
Iompraíonn sé | Interstate 95 (en) | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Manhattan, New York agus Fort Lee, New Jersey | |||
Suíomh | Manhattan | |||
| ||||
Historic Civil Engineering Landmark (en) | ||||
Aitheantóir | george-washington-bridge | |||
ID GeoNames | 5118418 | |||
Tá an droichead 4,760 troighe (1,450 méadar) ar fad, 119 troighe (36 m) ar leithead, agus 604 troighe (184 m) os cionn an Hudson.[1] Tá talamh ard ar an thaobh den abhainn agus le linn na Réabhlóide Meiriceánaí bhí dúnfort cóngarach do dhá cheann an droichid, Fort Lee i New Jersey agus Fort Washington i Manhattan ar na hairde. Sular tógadh an droichead chuireadh na haillte ar thaobh New Jersey (na Pallisades) bac ar theagmháil idir an dá thaobh den abhainn.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ [1] Curtha i gcartlann 2019-03-01 ar an Wayback Machine "Facts & Info. - George Washington Bridge", Port Authority of New York and New Jersey, arna rochtain ar 6-6-2015
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |