Is tionscadal spáis Éireannach é an Educational Irish Research Satellite 1EIRSAT-1.[1] Is é EIRSAT-1 an chéad satailít Éireannach agus an chéad mhisean spáis Éireannach riamh. Tá an tionscadal á fhorbairt ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Ba iad scoláirí COBÁC a thóg an tsatailít agus a rinne dearadh agus tástáil air.[2]

WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisEIRSAT-1

Cineál miseanCubeSat (en) Aistrigh
Airíonna árthaigh
MonaróirArianespace Cuir in eagar ar Wikidata
Tús an mhisin
Feithicil lainseáilVega C (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Aidhmeanna

cuir in eagar

Is iad aidhmeanna an tionscadail ná:

  • Tá trí thurgnamh EIRSAT-1. Ceann acu is ea an brathadóir gáma-gha. Tarlaíonn siad seo nuair a fhaigheann réalta bás nó nuair a bhuaileann dhá réalta i gcoinne a chéile. Is radaíocht leictreamaighnéadach iad na gáma-ghathanna nach féidir dul isteach go hatmaisféar an domhain agus sin an fáth go gcaithfear turgnamh a dhéanamh leis an tsatailít.[2]
  • Forbairt a dhéanamh ar an saineolas san ardoideachas i spás, eolaíocht agus innealtóireacht.
  • Dul i ngleic le heaspa scileanna san earnáil spáis.
  • An chéad ghlúin na mic léinn eile a spreagadh i dtreo staidéir ar an eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic (STEM).

Lainseáil

cuir in eagar

Tugadh cead don satailít ó Gníomhaireacht Spáis na hEorpa, i mí Bhealtaine 2017, mar chuid den chlár 'Fly Your Satellite!'. Chomh maith le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, tá na comhlachtaí Éireannacha ENBIO agus SensL ag cabhrú leis an satailít.

Thóg scoláirí de chuid COBÁC EIRSAT-1 thar thréimhse 6 bliana.

Pleanáladh i dtosach an tsatailít a bheith lainseáilte in 2022.[3][4] Ar deireadh seoladh EIRSAT-1 ar an 1 Nollaig 2023.

An chéad lá de mhí na Nollag 2023 a rinneadh lainseáil ar EIRSTA-1 ó Vandenbeg Aerfhórsa in California agus tá sé ar fhithis ó shin. I rith Nollaig 2023-Deireadh Dómhair 2024, bhí os cionn ceithre mhíle fithis déanta aige ar an domhan agus thaistil sé dhá chéad milliún ciliméadar.

I mí Dheireadh Fómhair 2024, d'éirigh le EIRSAT-1 dhá gháma-gha a aimsiú.[2]

Ealaíon ar an tsatailít

cuir in eagar

Rinneadh dán nuascríofa dar teideal 'Gach Slí Abhaile’ All Ways Home, a chum dháréag daltaí ó scoileanna DEIS, a ghreannadh ar thaobh EIRSAT-1. Greanadh an dán sin le léasar ar an gcumhdach seachtrach den Mhodúl Feidhmithe Aeróige, .i. an chuid sin den satailít a dhéanann an chumarsáid leis an mbaile. Déanann ’Gach Slí Abhaile’ ceiliúradh ar chlochmhíle thábhachtach do UCD agus Eolaíocht Spáis na hÉireann. Ba é an file Eoin Mc Evoy ó Scoil na Gaeilge a d'aistrigh an dán go Gaeilge faoin teideal ‘Gach Slí Abhaile’ agus rinne sé an guthú ar an leagan Gaeilge den fhíseán.

Chun cruthaitheacht na ndaltaí, na foirne teagaisc agus na n-ealaíontóirí eile ar fad a d’oibrigh le chéile ar an dán a cheiliúradh, rinne Coláiste na nEalaíon agus nDaonnachtaí UCD agus Taighde UCD coimisiúnú ar bheochan trí nóiméad leis an maisitheoir mór-ráchairte Alan Dunne. Rinne an tOllamh Lorraine Hanlon, Stiúrthóir EIRSAT-1 agus Ionad UCD um Thaighde ar an Spás, coimisiúnú ar ‘All Ways Home’. Spreagadh na scríbhneoirí óga sna scoileanna le machnamh a dhéanamh ar aistear na satailíte isteach sa spás agus ag an am céanna ar an mbaile, ár suíomh áitiúil agus domhanda sa chruinne, rud a shíneann i bhfad raon ár dtuiscinte daonna. Is é sin is ábhar don dán.

  1. "EIRSAT-1 | Ireland's first satellite" (en). eirsat1. Dáta rochtana: 2020-09-12.
  2. 2.0 2.1 2.2 Conradh na Gaeilge, Londain (12 Deireadh Fómhair 2024). "Nuacht Mhall (Ciarraí)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-10-20.
  3. "The first-ever Irish-made satellite could be orbiting the planet next year" (en). www.www.thejournal.ie. Dáta rochtana: 2020-08-21.
  4. "Tús Áite: Eirsat-1" (en). RTE Radio (2022-10-18). Dáta rochtana: 2024-10-20.