Eachann MacDhòmhnaill
Ba mhaorghinearál dearscnaitheach Victeoiriach de chuid arm na Breataine é An Tiarna Eachainn MacDhòmhnaill (Béarla: Sir Hector Archibald MacDonal), ar a dtugtar Eachann nan cath (4 Márta 1853 – 25 Márta 1903). Cainteoir Gaeilge a bhí ann.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Márta 1853 Rootfield, Scotland |
Bás | 25 Márta 1903 50 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
Siocair bháis | Féinmharú |
Áit adhlactha | Dean Cemetery (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | oifigeach míleata |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
Céim mhíleata | maorghinearál |
Coinbhleacht | Dara Cogadh na mBórach, Mahdist War (en) agus Céad Chogadh na mBórach |
Gradam a fuarthas | |
Mac crochtóra ab ea MacDhòmhnaill, d'fhág sé an scoil sular bhí sé 15, chláraigh sé leis na Gordon Highlanders mar shaighdiúir singil ag 17, agus chríochnaigh sé a ghairm bheatha mar mhaorghinearál, sampla annamh de ghinearál d’Arm na Breataine a d'ardaigh trí na ranganna ar bhonn tuillteanais amháin.[1] Tharraing se clú air féin le linn conhraic i gCath Omdurman (1898), mar laoch a chuimhneofar air in Albain agus Sasana, agus bronnadh ridireacht air as a sheirbhís i nDara Cogadh na mBórach. Cuireadh ar post go dtí Ceylon (an tSrí Lanca anois) mar Cheannasaí ar Fhórsaí na Breataine, agus chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 1903 tar éis gníomhaíochtaí homaighnéasacha a bheith curtha ina leith le buachaillí áitiúla.[2]