Ed Sheeran

amhránaí agus cumadóir Sasanach

Is amhránaí agus giotáraí é Edward Christopher "Ed" Sheeran a rugadh ar 17 Feabhra 1991.

Infotaula de personaEd Sheeran

(2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Edward Christopher Sheeran
17 Feabhra 1991
33 bliana d'aois
Halifax, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Thomas Mills
Academy of Contemporary Music (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheLondain
Teanga dhúchaisBéarla na Breataine agus Béarla
Airde1.72 m Cuir in eagar ar Wikidata
Dath súileGorm
Dathán gruaigeFolt rua
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir, amhránaí, cumadóir amhrán, aisteoir scannáin, aisteoir, ceoltóir, giotáraí, aisteoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2004 –
SeánraCeol tíre traidisiúnta, popcheol tíre, popcheol, ceol tíre, ceol hip hap agus rapáil
TeangachaBéarla
Cineál guthaTeanóir

UirlisGiotár, ceol gutha agus live looper (en) Aistrigh
Lipéad ceoilAsylum Records
Atlantic Records
Elektra Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairJohn Sheeran

Suíomh gréasáinedsheeran.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm3247828 Allocine: 653076 Rottentomatoes: celebrity/ed_sheeran Allmovie: p834998 Metacritic: person/ed-sheeran TV.com: people/ed-sheeran
Facebook: EdSheeranMusic Twitter: edsheeran Instagram: teddysphotos Snapchat: teddysdaytoday Youtube: UC0C-w0YjGpqDXGB8IHb662A TikTok: edsheeran Souncloud: edsheeran Spotify: 6eUKZXaKkcviH0Ku9w2n3V iTunes: 183313439 Last fm: Ed+Sheeran Musicbrainz: b8a7c51f-362c-4dcb-a259-bc6e0095f0a6 Songkick: 2083334 Discogs: 2184482 Allmusic: mn0002639628 Deezer: 384236 Cuir in eagar ar Wikidata
2013

Oidhreacht cuir in eagar

 
2013

Tá oidhreacht Éireannach ag Sheeran agus é bródúil as sin[1]. Mar shamplaː

  • Rugadh Sheeran i Sasana ach tá cúlra Éireannach aige ar thaobh a athar. Tá a mhamó fós ina cónaí in Éirinn.
  • Tá corp Sheeran clúdaithe le tatúnna. Sa bhliain 2014, fuair sé tatú as Gaeilge ar a dheasóg a deir ‘Is tú mo réalt eolais’. Tá ceann eile air a deir ‘Galway’.
  • Ar a albam DIVIDE (2017) tá amhrán aige darb ainm "Galway Girl".
  • Sa bhliain 2016, chan Sheeran aistriúchán de Thinking Out Loud' (Ag Smaoineamh os Ard) ar dhlúthcheirníní Sheachtain na Gaeilge.
  • Bhí Sheeran ag An Phicnic Leictreach sa bhliain 2012.

Saol cuir in eagar

Taibheoir ab ea Sheeran ar The X Factor (sraith 11 an RA) sa bhliain 2014[2].

Thit Sheeran den rothar sa bhliain 2017 agus bhris sé a dheasóg. Ní raibh sé in ann an giotár a sheinm go ceann tamaillín.  Nuair a sheinneann Sheeran ar an ardán, ní bhíonn aon bhanna ceoil in éineacht leis. Mar sin, ní raibh sé in ann dul ar camchuairt go ceann cúpla mí[3].  

I mí Eanáir 2018, d’fhógair Ed Sheeran go raibh sé geallta. Chuir sé aithne ar Cherry Seaborn agus iad ar scoil[4].  Thosaigh siad ag siúl amach le chéile sa bhliain 2015. Is duine an-spórtúil í Cherry. Imríonn sí haca ag leibhéal idirnáisiúnta le Sasana 

 
2013

Conspóidí cuir in eagar

Tá úinéirí an chóipchirt den amhráin de chuid Marvin Gaye an-tugtha don dlí. Ba iad oidhrí Ed Townsend, a chomhscríobh an t-amhrán ‘Let’s Get It On’ le Marvin Gaye, a thug cás in aghaidh Sheeran go dtí an chúirt, ar dtús sa bhliain 2016, agus arís sa bhliain 2018.[5]

Ba chás cúirte é a bhí go mór i mbéal an phobail. Thug Ed Sheeran fianaise gur cumadh a amhrán 'Thinking Out Loud' le linn seisiún comhoibríoch scríbhneoireachta lena chomhscríbhneoir Amy Wadge. Bhí ceoleolaí an ghearánaí ag rá go raibh na cordaí “beagnach inmhalartaithe” agus an ceoleolaí a bhí ag gníomhú do Ed Sheeran ag áitiú gur úsáideadh an seicheamh cordaí céanna i roinnt amhrán eile seachas amhrán Sheeran. Bhuaigh Sheeran na cásanna, an ceann deireanach sa bhliain 2023.[6]

I gcás bradaíola ceoil eile, sa bhliain 2022, bhuaigh Sheeran cás eile maidir lena amhrán 'Shape of You' (in aghaidh Sami Switch, nó Sami Chokri agus cumadóir Ross O’Donoghue).[7][8]

Dioscliosta cuir in eagar

  • + (2011)
  • × (2014)
  • ÷ (2017)
  • No.6 Collaborations Project (2019)
  • = (2021)
  • (2023)
  • Autumn Variations (2023)

Gradaim agus ainmniúcháin cuir in eagar

Tá 97 gradam buaite ag Sheeran. Tá 269 ainmniúchán faighte aige. Tá ceathair Grammy's buaite aige agus tá trí déag ainmniúchán faighte aige.[9]

Tagairtí cuir in eagar

  1. E-leathanach 256, 6 Márta 2017
  2. http://www.digitalspy.com/tv/the-x-factor/news/a604517/x-factor-week-3-is-movie-night-ed-sheeran-and-onerepublic-performing/#~oTaIJ2UixvTMrV Digital Spy
  3. Eleathanach 274, 21 Deireadh Fómhair 2017
  4. Eleathanach 282,  22 Eanáir 2018
  5. Conradh na Gaeilge, Londain (29 Aibreán 2023). "‎Nuacht Mhall: (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-05-21.
  6. Benjamin Lee (2023-05-04). "Ed Sheeran cleared of infringing copyright in Marvin Gaye lawsuit" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-05-21.
  7. Emily Zemler (2022-06-22). "Ed Sheeran Awarded Over $1.1 Million in Legal Fees in 'Shape of You' Copyright Case" (en-US). Rolling Stone. Dáta rochtana: 2023-05-21.
  8. Conradh na Gaeilge, Londain (29 Aibreán 2023). "‎Nuacht Mhall: (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-05-21.
  9. "Ed Sheeran" (en). GRAMMY.com (2019-02-15). Dáta rochtana: 2019-03-20.