Rugadh Edith Louisa Cavell an 4 Nollaig 1865 in Swardeston, Norfolk Shasana agus chuir scuad lámhaigh chun báis í an 12 Deireadh Fómhair 1915 sa Bhruiséil. Banaltra Shasanach a bhí inti, a chabhraigh le breis is 200 príosúnaigh cogaidh, ó Shasana, ón bhFrainc agus ón mBeilg, éalú go dtí an Ísiltír neodrach. Ghabh na Gearmánaigh an 5 Deireadh Fómhair 1915 í, agus dhaor chun báis í mar spíodóir agus as "coir a dhein dochar d'fhórsaí armtha na Gearmáine" ("Verbrechens zum Schaden für die deutschen Streitkräfte“).

Edith Cavell
Edith Cavell.jpg
Saol
Ainm iomlánEdith Louisa Cavell
Eolas breitheSwardeston, 4 Nollaig 1865
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Teanga dhúchaisan Béarla
BásSchaerbeek, 12 Deireadh Fómhair 1915
Áit adhlacthaArd-Eaglais Norwich
Cúis bháispionós an bháis (tráma balaistíoch)
Oideachas
Alma materNorwich High School for Girls (en) Aistrigh
Teangachaan Béarla
an Fhraincis
Gairm
Gairmaltra, mátrún agus máistreás
FostóiríOspidéal Ríoga Londan
Ospidéal St. Leonard
International Red Cross and Red Crescent Movement (en) Aistrigh
Féile
12 Deireadh Fómhair
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí agAn Chéad Chogadh Domhanda
Cleamhnú
ReiligiúinAnglacánachas
IMDbnm1282663
edithcavell.org.uk

Bhí tionchar ag a bás ar Éirinn: cáineadh na Gearmánaigh chomh mór sin i Sasana, as bean a chur chun báis, gur dheacair dóibh féin an Chúntaois Constance Markiewicz a chur chun báis as a páirt in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, sé mhí tar éis bhás Edith Cavell.