Edward Coke

dlíodóir agus breitheamh Sasanach

Abhcóide, breitheamh, Tiarna Príomh-Bhreitheamh agus polaiteoir Sasanach ab ea Edward Coke (1 Feabhra 15523 Meán Fómhair 1634), i measc na bpearsana is tábhachtaí i stair an dlí choiteann.[1]

Edward Coke
Edward coke.jpg
Ball de Theach na dTiarnaí


Ball de Pharlaimint 1624-25


Dúiche: Coventry
Ball de Pharlaimint 1621-22


Dúiche: Liskeard
Ball de Pharlaimint 1625


Dúiche: Norfolk, Coventry
Feisire de Pharlaimint 1628-29


Dúiche: Buckinghamshire, Suffolk
Ball de Pharlaimint 1626


Dúiche: Norfolk
Ball de Pharlaimint 1593


Dúiche: Norfolk
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana


Member of the 1589 Parliament (en) Aistrigh


Dúiche: Aldeburgh
Ard-Aighne Shasana agus na Breataine Bige


Thomas Egerton, 1st Viscount Brackley (en) Aistrigh - Sir Henry Hobart, 1st Baronet (en) Aistrigh
Ard-Aturnae Shasana agus na Breataine Bige

Meitheamh 16, 1592 - Aibreán 10, 1594
Thomas Egerton, 1st Viscount Brackley (en) Aistrigh - Thomas Fleming (en) Aistrigh
Chief Justice of the Common Pleas (en) Aistrigh

Meitheamh 30, 1606 - Deireadh Fómhair 25, 1613
Francis Gawdy (en) Aistrigh - Sir Henry Hobart, 1st Baronet (en) Aistrigh
Ard-Bhreitheamh Shasana agus na Breataine Bige

Deireadh Fómhair 25, 1613 - Samhain 15, 1616
Thomas Fleming (en) Aistrigh - Henry Montagu, 1st Earl of Manchester (en) Aistrigh
Saol
Eolas breithe Mileham, 1ú Feabhra 1552, 1549
Náisiúntacht Ríocht Shasana
Teanga dhúchais An Béarla
Bás Godwick (en) Aistrigh, 3 Meán Fómhair 1634 (in Julian calendar), 3 Meán Fómhair 1633
Muintir
Athair Robert Coke
Máthair Winifred Knightley
Céile/Céilí Bridget Paston (en) Aistrigh
Elizabeth Hatton (en) Aistrigh  (Samhain 6, 1598 -
Páistí
Oideachas
Alma mater Ollscoil Cambridge
Coláiste na Tríonóide, Cambridge
Norwich School (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir, breitheamh, abhcóide agus saineolaí dlí
Duaiseanna
Ballraíocht Useless Parliament (en) Aistrigh
4th Parliament of King James I (en) Aistrigh
Inner Temple

SaolCuir in Eagar

D'fhrestal Coke ar Norwich Free Grammar School ó 1560 ar aghaidh. Chaith sé trí bliana (1567-1570) mar mhac léinn i gColáiste na Tríonóide, Cambridge. Níor bhain sé céim ar bith amach is cosúil. Ach bhí sé in ann ballraíocht a ghlacadh ansin in Ósta Clifford i 1571 agus ina dhiaidh sin sa Teampall Laistigh. Glaodh chun Bharra Shasana air sa bhliain 1578.

 
1615

Ba ghearr go raibh Coke ar na príomhabhcóidí sa tír, ag pléideáil i gcásanna ríthábhachtacha mar Shelley's Case agus Slade's Case. Ó ba rud é gur ghníomhnaigh sé go rathúil ar son Mhuintir Howard (Diúic Norfolk) bhain sé a dtacaíocht sa pholaitíocht amach agus toghadh mar fheisire thar ceann Aldeburgh sa bhliain 1589.

Bhí Coke ina Aturnae Ginearálta ó 1592 go 1594 agus ina Ard-Aighne ó 1594 go 1606 agus ina Spéicéir ar Theach na dTeachtaí freisin, ó 1592 go 1593.

Tiarna Príomh-BhreitheamhCuir in Eagar

Bhí Coke ina Phríomh-Bhreitheamh ar na Pléadálacha Coiteanna ó 1606 go 1613 agus ina Phríomh-Bhreitheamh ar Bhinse an Rí ó 1613 go 1616. Sa dá phost sin chuir sé in éadan leathnaithe gan údar (dar leis) ar lánrogha an rí. Mar gheall air sin, ar dtús aistríodh ó Chúirt na Pléadálacha Coiteanna go Chúirt Bhinse Rí é agus ansin briseadh mar bhreitheamh é.

Chuaigh Coke isteach sa Pharlaimint arís gan scáth gan eagla sa bhliain 1620. Ba ghearr go raibh príomhpháirt aige agus feisirí ag cur i gcoinne na n-iarrachtaí a rinne Séamas I agus Séarlas I údaras na Corónach a leathnú.

Bhí Coke ceangailte go mór leis an ionsaí a rinneadh ar mhonaplachtaí ríoga agus le hAchainí um Chearta 1628 agus na hagóidí den sórt céanna a rinneadh sa tréimhse díreach roimpi.

BásCuir in Eagar

D'éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 1629 agus fuair sé bás cúig bliana dár gcionn. D'éag Coke ar 3 Meán Fómhair 1634, in aois 82 bliain dó; luigh an corp faoi ghradam stáit i nGodwick, Norfolk ar feadh míosa.

TioncharCuir in Eagar

 
Coke, Edward – Institutes of the laws of England – BEIC 6494500

Bhí an-tionchar ar fhorbairt an dlí choiteann ag na tuarascálacha dlí a chuir Coke i dtoll a chéile (a foilsíodh idir 1600 agus 1659) agus ag a mhórshaothar Institutes of the Lawes of England (1628-44).

Bhí tionchar ar leith ag Coke ar dhlí bunreachtúil Mheiriceá, maidir leis na cearta sibhialta, scaradh na gcumhachtaí agus córas an athbhreithnithe bhreithiúnaigh.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-09-03.